tach, eudtrom, & do bhí sé an lá sin; &
bhí sé fíor-chinnte gurab é an deoch d'ól
sé do rinne cho croidheamhuil é.
Nuair a thainic sé go dti an teach
fuair sé an sagart & an óig-bhean as
tigh, & bhí iongantas mór orra cad é 'n
t-ádhbhar nach dtainic sé ar cuairt chuca
le dhá lá.
D'innis sé a sgeul & an nuaidheacht
dóibh, & dubhairt sé go rabh sé cinnte go
rabh brígh mhór annsan luibh sin, & nach n-
deunfadh sé aon dochar do'n mhnaoi-ua¬
sal, mar d'fheuch sé féin é, & fuair sé
maith as, & in sin chuir sé d'fhiachaibh uir¬
ri a bhlaiseadh, mar thug sé a mhóide & a
mhionna nach rabh aon urchóid ann. Thug
an sagart congnamh dhó, & eatorra
fuair siad buaidh ar an óg-mhnaoi agus
thaisbeán sí go rabh sí toilteanach le n-
ól.
Sheachaidh Goillís an cupán di, & d'ól
sí a leath & in sin thuit sí ar a leabuidh ⁊
thainic codladh trom uirri & níor dhúis¬
igh sí ó 'n gcodladh sinn go dti an lá ar
na mhárach.
Shuidh Gollís & an sagart suas léithe
iomlán na h-oidhche sin, ag fanamhuint
no go ndúiseochadh sí, & iad eidir dóth¬
chus & eudóthchus, eidir súil le n-a slán¬
ughadh & faitchíos faoi n-a gortughadh.
Dhúisigh sí fa dheire nuair bhí 'n ghrian
imthighthe leath a bealaigh annsan spéir.
Chuimil sí a súile & dhearc sí mar
dhuine nach rabh fhios aici cad é an áit
a rabh sí. Bhí sí cosamhuil le duine air
a rabh iongantas nuair chonnairc sí
Goillís & an sagart annsann seomra
léithe, & shuidh sí suas ag deunadh a
díthchill a smuainte chruinniughadh le chéi¬
le.
Bhí 'n bheirt fhear in amhras mór ag
fanamhuint no go bhfeicfidís an labhró¬
chadh sí, no nach labhróchadh, & nuair d'fhan
siad in a dtosd le cúpla móimid dúbh¬
airt an sagart léithe i bhFraincis, "Ar
chodail tú go maith a Mháire?" agus d'
fhreagair sise 'san d-teanga cheudna,
"chodhlas, go rabh maith agad."
Ní luaithe chualaidh Goillís í ag caint
ná chuir sé sgread luthgháire as, & rith sé
anonn chuici & thuit sé ar a dhá ghlún &
dubhairt sé,
"Míle buidheachas le Dia do thug an
chaint air ais duit! a bhean-uasal mo
chroidhe labhair liom.
Do thuig an óig-bhean maith go leor é
mar bhí si ag éisteacht le Gaedhilge d'a
labhairt gach lá ó thainic sí go h-Éirinn,
ach mar bhí sí balbh go dti sin níor fheud
sí oiread & aon fhocal di a rádh, agus
d'fhregair sí é i bhFrancís, & dubhairt
sí gur thuig sí gurab' é féin do bhruith
an deoch sin di, & do thug di í, & go rabh
sí bhuidheach de óna croidhe, air son an
chineáltais uile thaisbeán sé dhi, ó thainic
sí go h-Éirinn ar dtús & go dtiucfadh
leis a bheith cinnte nach ndearmadfad
sí a chineáltas go brách.
Níor thuig Goillís oiread as focal
d'a rabh sí a rádh, & nuair chuir an sag¬
art i n-iúl dó é, bhí sé i riochd bháis le
sásughadh-croidhe agus le luthgháire.
Tugadh biadh asteach chuici ann sin, & d'
ith sí le goile maith & bhí sí súgach meadh¬
reach, & níor sguir sí d'a caint leis an
sagart ar fad as bhí sí ag ithe, ach níor
thuig Goillís aon fhocal d'a g-cómhrádh, &
bhí brón mór air gan a thuigsint.
Cho minic & d'fheucfadh an bhean-uasal
óg le rud ar bith d' innsint dhó, b'éigin
dó a cheann a chrathadh mar amadán, &
ann sin dheunfadh an rógaire sagairt
gáire faoi, & ní fheudfadh an mhaighdean
óg í féin chongbháil ó gháire, ar uairibh, &
chuir sin mio-shásughadh mór ar Ghoillís
bocht.
Chuaidh sé air ais d'a theach féin go
luath, & shín sé é féin ar a leabuidh ⁊
thuit sé in a chodladh arís mar nach rabh
brigh na luibhe caithte fós & chaith lá agus
oidhche eile in a chodladh. Nuair dhúisigh
sé in sin chuaídh sé anonn go teach an t-
sagairt & fuair sé go rabh an óig-bhean
uasal ins an stáid cheudna, & go rabh
sí in a codladh, beagnach ó d'fhág seis¬
ean an teach.
Chuaidh sé aseach leis an sagairt & bhí
siad ag fanmhuint anaice léithe nuair
dhúisigh sí an dara h-uair, agus bhí a
