AN GAODHAL
37
a caint aici cho maith & bhí sé ariamh. Bhí
luthgháir mhór ar Ghoillís.
Chuir an sagart biadh ar an mbord
d'ith siad le chéile, & bhí Ghoillís bocht ins
an gcaoi cheudna in a raibh sé roimhe
sin. Níor thuig sé focal, & bhí náire
mhór air.
"Ná cuir aon tsuim in sin," ars an
sagart, "tá sí foghluim Gaodhailge gach
uile lá, & ní fada go dtiucfaidh léithe
a labhairt cho maith leat féin."
B' fhíor do'n t-sagart é sin; & sul
d'fhág Goillís an teach labhair an mhaigh¬
dean uasal níos mó ná aon fhocal a¬
mháin Gaedhilge, & thuig sí uile rud do
dhéarfadh Ghoillís.
Thainic Goillís ó lá go lá do'n teach
& bhí sí ag éirighe níos tapa in a labhairt
gach lá, & bhí an carthanas eatorra ag
meudughadh, mar nach rabh duine ar bith
aici a labhróchadh léithe ach Goillís & an
sagart, & b'fheárr léithe Goillís.
B'éigin dó innsint dí an chaoi do bhí
sé ins an ráth nuair thainic na daoine
maithe, & mar chuaidh sé asteach do'n
Phápa, & mar shéid an tsidheog an teine
as a bheul, & gach h-uile rud do rinne sé
go dti an t-am d'fhuadaigh na daoine
maithe leo í, & nuair bhidheadh sé uile
inniste, b'éigin dó tosusadh air arís
ar an nuadh, agus ní rabh sí tuirseach a
riamh ag éisteacht leis.
Nuair mar sin le leith-bhliadhain dubh¬
airt sí nach dtiucfadh léithe fanamhuint
níos suide gan a dhul ar ais d'a hathair
& d'a máthair, go rabh sé cinnte go rabh
brón mór orra fúithi, & go mbudh náire
mhór dí é, d'a léigfeadh sí i mbrón iad,
nuair a bhí sé in a cumas dul cho fada
leo.
Rinne an sagart gach h-uile rud d'
fheudfadh sé le na congbháil léis féin
seal eile, ach gan éifeacht; & labhair
Goillís gach focal milis do thainic in a
cheann ag iarruigh buaidh d'fhághail uiri &
súil le n-a breugadh & le iochal a chuir
uirri fanamhuint mar bhí sí, ach ní rabh
maith dhó ann Chuir sí róimpi triall
& níor fheud duine beo a rún athrughadh
(Le bheith leanna)
GORTSREAMHA
Cúigeadh lá fichead Iuile, 1897.
Do 'n t-Saoi M. J. O'Lócháin.
A Chara Ionmhuinn :
Is dóigh go bhfuilim anns na leabhraibh
dubha agad a dtaoibh nár chur mé sgeul
ar bith chugad le tamall fada.
Acht ní raibh leigheas agam air; ní
thabhairfinn le rádh go gcuirfinn leitir
eile uaim gan an Gaodhal do ghlacadh —
ní dhéarfad tuile 'nna thaobh. An té
nach bhfuil a phóca do réir a thola aige
caithfidh sé fanacht go dti go mbéidh ;
air an ádhbhar sin, cuirim chugad dolar
fiachadh an Ghaodhail go ceann bliadhna, &
iarraim do mhaitheamhnas a dtaobh na
faillidhe, & geallaim nach mbéidh mé féin
& an Gaodhal astránach air a chéile 'rís
cho fad as bheidh mo shláinte agam chum
a luach do thuileamh.
Dála na sgoile chuirmuid air bun deur¬
fainn go bh-fuil sí beo bhochd, mar nach
bhfuil na daoine ag tabhairt an aire
cheart dí. Goireann na tírghrádhthoer¬
ibh uinntir Iarr-Bhreatain air na
h-Éireannaibh seo nach gcuireann suim
iona dtír féin, acht goirmse rudaidhe
suarach orra go h-uile (acht an fíor
beagán atá ag oibriughadh do'n teanga
Gaedhilge) oir is ag aithris air Sagsan¬
aighe 'tá siad uile, 'Nuair budh chóra
dóibh do bheith ag deunadh a ndithchill
chum gach nós Sagsanach chur síos, is a¬
mhail atá siad gh'a dtógbháil mar shom¬
plaidhe. Ní'l aon nidh is túisge chuir¬
feadh ar gcúl na bóithre 'tá deunta a
dtír-ghrádh Éireannach 'ná teanga na
tíre, agus 'nuair is luaithe mhusglas
na treoruighthibh do'n bhfírinne sin seadh
is feárr d'a dtír é.
Ní bhódharfadh mé níos mó thú anns
an am seo, acht cuirfidh mé abhráin chug¬
ad 'san gceud leitir eile
Ag guidhe do'n teang Ghaedhilge,
Fanaim go fíor,
Pádruig F. Ó h-Égearta.
