38
AN GAODHAL
An Ghaedhilge Bhí in Éirinn Ghlas na mBeann,
le Maitias Ua Guairiam, Deas Bhostuin.
Fonn — Péarla an Bhrollaigh Bháin.
Chonnairc mé talamh na h-Éireann
Ó thaobh go taobh agus lár ;
Shiubhal mé soir 's siar é,
Eidir sléibhte 's taobh na tráighiamh :
Tráth shaltrias air fóid Éireann
Thug mé do'n Ghaedhilge grádh,
'S innte mínigheadh teagasg Dé dhom
in Éirinn ghlas na mbeann
Tnúthuighim le bheith árd-léigheanta,
Acht tá mo óide failligheach, mall,
Anois ní Fraincis tá mé 'g iarradh,
No Sacsbheurla britach Chlann-na Gall
Ní bhfuil an Eabhrais uaim ná 'n Ghréigis,
Gidh gur caithréimeach é gcáil,
Ach mo dhian ghrádh an bhinn Ghaedhilge,
Bhí in Éirinn ghlas na mbeann.
Sí an oige seoide an tsaoghail seo,
Agus cuimhnighim air an am
'Nuair bhí sí 'gus mise in aoinfheacht
Siubhal le chéile lán de ghreann ;
Acht budh deifireach do thréig sí mé
Óir bhí ciaméar 'nna ceann
Fáth nár dhíbireas uaim an Ghaedhilge
Bhí in Éirinn ghlas na mbeann.
Labhraim an teanga Ghaodhalach
O d' fhágaidh mé an cliabhán,
Is cuma liom cia 'n tír no righeacht
Air fud an t-saoghail a mbéidh mé ann;
No go sínnear síos 'san gcré mé,
Agus liagán le mo cheann.
Ní thréigfeadh mise an Ghaedhilge
Bhí in Éirinn ghlas na mbeann.
Is dearg í an chaoir chaorthann
Trá fás air bhár an chrainn;
Nach dubh é áirne an draoigheannáin.
Agas nach buidhe é an buachalán,
Nach deas é an nóinín glégeal
'Gus an t-uaithne faoi n-a lár,
'S ní labhrainn siad acht Ghaedhilge,
In Éirinn glas na mbeann.
