AN GAODHAL.
39
Is truagh mar thréig an cineadh Gaodhalach
Teanga bhinn na naomh le feall,
Agus grádhuigheann siad Beurla 'n tíoráin
Amhuil mar ghnídheas gach tráill;
Sud mar tharladh an díobháil,
Oir d' umhlaigh Gaoidhil do Gháill;
Acht tá an Ghaedhilge 'rís d'a gciapáil
In Éirinn ghlas na mbeann.
Na Gaodhail do thréig an Ghaedhilge
Bu leamh, táir, amaideach a ngnás,
Bhí siad cnáid'mhuil, geabh'mhuil, sgéanmhuil,
'San Ghaedhilge air leabuidh an bháis;
Gidh gur dhíbligh-dear an Ghaedhilge,
Nach deas, péacach tá sí fás —
Anois tá a cáil 's a cliú meudughadh
In-Éirinn ghlas na mbeann.
Is iomadh buachaill Gaodhalach spéiseamhuil
'Gus caoin chailín tréidheach, tlá,
Do thriall thar muir faoi gheur chúmha
Ó dhil Éire, tír ar ngrádh,
Acht Gaedhilge bhinn na h-Éireann
Ní éiliómhadh siad go brách —
Nach mairg a thóig a riamh iad
In Éirinn ghlas na mbeann.
Anois tá mo dhán-sa críochnuighthe
Agus measaim féin go bhfuil sé in am,
'S lé dúil go bhfeicinn gleóite, gleusta é
Stríocaim do'n laoch léigh'nta ualócháin
'Sé grádh agus gean gach Gaodhal é,
Agus go mairidh sé bhfad slán —
'Sé díl charaid na binn Ghaedhilge é
Bhí in Éirinn ghlas na mbeann.
Chum Fear-Eagair agus Ceannaire an Ghaodhail.
A Shaoi Dhílis. —
Tá mo chroidhe líonta le dáimh,
Mo ghean 's mo ghrádh le chéile fighte,
Acht ní fheudaim mo bhuidheachas ortsa a
sgríobh le peann,
Gidh gur fada a tá go leor de glighte,
Guidhim sonas, amhantur ort 'gus ádh ;
Na raibh go brách ort treaghda no tinneas,
Is gleoite a dhirighean tú na dáin,
Agus bídheann a lán díobh cam go minic.
Do chara
Maitias Ua Guairiam.
In his concluding stanzas, our friend Gorham is so profuse
in his compliments to us that the characteristic brass of the
editor's cheek is turned into a blush in ours,
—Ed.)
