40
AN GAODHAL
MACUEL BIADHTACH.
Mr. John Phillips of Holyoke, Mass, sends us this song and says :— I re¬
ceived this song from Mr. James Karney, National school teacher in the par¬
ish of Kilmore, Erris, county Mayo. Mr. Karney says the song was compo¬
sed by Richard Barrett about 100 years ago. Maxwell Biadhtach mentioned
in the song was the parson to whom the P. P. of Kilmore Erris once lent a
congregation to make an appearance before his bishop on the occasion of his
visit to him, as the parson did not have Protestants enough to justify him in
retaining his parish and glebe lands, and the priest did not wish him to leave
the country because of his many good qualities, which were rare in a parson
then. Derwin Mór was a neighboring parson who had reported Maxwell but
Maxwell sat on him afterwards owing to the action of the priest,
Vide
Dánta na
m-Bárd Coñacht
1890
Claidheamh Soluis
Vol. XIV. No 37.
1912.
Nach é so an críosdaigh ó láimh na dilionn,
Maxwell Biadhtach a d-tóin a Phoirt;
Bhéarfadh dídionn go bhoicht na tíre
'Gus bhuainfeadh an bríste de Derwin Mhór.
Clann na saoithe bheith aige ag ól
Beóir 's fíon 's punch a dheunamh,
Cómhrádh caoimheamhail 'gus preab 'san ól.
An ceannaidhe craosach ní'l meadhoin na slighe aige
Le ór a dheunamh nach bh-feicthear dhó,
An t-earradh is saoire a thabhairt as na ríoghachda,
'S de luach sé pighne do dheunfadh cróin.
Réir caint Chríosda is gníomh do-dheunta
An cámhaill saoghalta thabhairt thríd an g-cró,
Mar sin 's d'a bhrigh sin ní'l beart níos críona
'Na bheith go síorruidhe cur preabh 'san ól.
Tá dream daoine le ba 's le caoirigh
A g-cur chum aontaidhe 's a deunamh óir,
As sin ag cíbe 's talta míne,
Sin puintidhe críona do feicthear dóibh.
Dá mba diúc nó righ thú nó tighearna tíre
Ní rachfaigh aon phighin leat síos faoi an bh-fód,
Mar sin 's d'a bhrigh sin ní'l beart níos críona
Ná bheith go síorruidhe cur preab 'san ól.
Nach iomdha meadhoin le bh-feuchtar daoine
Ag árdughadh cíosanna 'gus tacsuidhe mór,
D'ar g-cur arís ó theach 's ó dhídionn,
Sinne, faraor! is coitcheann dóibh.
An mhuinntir a ghnidheas sin nach dóibh is baoghaluigh'
Bheith shíos ann íochtar d'a m-bruith 's d'a n-dóigh —
Mar sin 's d'a bhrigh sin ní'l beart níos críona
'Na bheith go síorruidhe cur preab 'san ól.
acht deóntar
Is iomadh
slighe
