AN GAODHAL
41
GLÓR AN LOIN,
Leis an nGabhar Donn.
Do chualas ghlór an loin um nóin,
Ag cantain measg na gcrann;
Do ruaig sé uaim geur-phian mo bhróin
Le suairceas glórmhar glan,
Le suairceas glórmhar glan a ghlóir
Do líon sé mé astigh,
Óir dubhairt sé liom — tá 'n aimsir chóir
Ag teacht, tóig suas do chroídhe,
Tóig suas do chroídhe, a fhir, óir tá
Na blátha 'teacht go luath;
Béidh eudan críon na talmhan breágh
Le glóir na mbláithín nuadh.
Le glóir na mbláth, béidh cnoc a's gleann
Ag deallradh fós fá'n ngréin.
Béidh glóir ag imirt ar gan beann;
Béidh mór é méid ar séin.
Tóig suas do chróidhe chum Dé na ndúil,
A's cuir do mhuinighín ann,
Béidh seisean solus glan do shúl,
'S an aimsir bhuadhartha teann.
'S an aimsir bhuadhartha béidh A ghrádh
Do dhídeann daingean treun,
Foileóchaidh sé do cheann gach lá,
Béidh lán do chroídhe d' A sheun.
Béidh lán do chroídhe d' A sheun, a fhir,
Tá 'n samhradh geal ag teacht,
Gath gréine 'g rinnceadh ar an muir,
Béidh brón a's pian fá smacht.
So é an dán do sheinn an lon,
Nuair ruaig sé uaim mo bhrón,
'S thógas suas mo chroídhe le fonn
Chum Dé na ndúil, mo chróin.
This stanza (the last) was omitted by mistake from Gabhar Donn's
"Ceol na n-Eun', page 29 of last issue.
Béidh na páistidhe beaga 'g rinnceadh ar an ród gach uair
['san ló
A's cluinfidh tú na cailínidhe ag seinim lán de sógh
Béidh ceolmhar, binn gach nídh fa neamh, nuair cluintear ceol
na n-eun,
A sheinneas ins an samhradh sámh fá thaithneamh geal na gréin'
