AN GAODHAL
45
The following poem is a copy of a contribution sent
by a Gael subscriber to the Oireachtas. It reads well,
and we think the writer would have received a prize
had he conformed to the Rules promulgated by the Com¬
mittee.
CONACHLONN MHIC AN OIDHRE
Ag Fáiltiughadh Oireachtas na n-Éireannach.
Ceud míle fáilte, dé bhur mbeatha 's fad saoghal,
A uaisle shár-mhúinte, agus grádhuidhtheóra na nGaodhal,
Cuir chugainn an teachdaireacht, chualamar an sgeul,
Go bhfuil féis cheoil 's oireachtas le bheith ar bun agaibh féin.
Agaibh féin tá an ceart, da réir mar a léighim,
Bhur nGaeghilge go beacht, do choimead fá réim,
Mar má léigfidh sibh di eugadh, imtheochaidh uaibh an seun,
'S béidh bhur dtír bhochd nios dona, 's a muintir fa leun.
Fa leun tá na Gaedhil bhochd' i nEirinn le fada,
'S badh iongnadh mór linn dá bhfuighidis féin dada,
Ó Shaghsonaigh an fheill' na bitheamhnaighe bradadh,
Do sgiob leotha a maoin, 's righn diobh bluic magadh.
Bluc magadh is seadh iad, imeasg cinidhe an domhain,
Ag iarradh a saoirseacht, 's gan focal ann a gceann
Acht guth an bhuadhóra, a labhairt Beurla cam,
Ag taisbeant go soiléir, go raibh an smachd go teann,
Go teann deir na Gaill, d'a mhaoidheamh linn gach ló,
Go rabh Éire go bochd dealbh, gan ciste, 's gan crodh,
'S gur le maith air na daoinibh do thugadar féin fútha,
A deunamh a ndithchioll air iad uile do mhúineadh,
Do mhúineadh in eadh deir siad mar mhúineadar ár sinsear
A goid uatha, 's a fuadach, d'a ruagadh 's d'a ndíbirt,
Gan aon nidh le múineadh acu, achd stáir bréige 's éitheach,
D'fhág iad gan eolas ann a n-amhasain gan éifeacht,
Gan éifeacht in a gcaint, i dteanga na nGall,
Ag thileamh aon saoirseacht do chlann Ghaodhal Inisfáil,
Le dá thrian diobh ann earadh, agus deilte ó na chéile,
Mar daoithe, gan tír-ghrádh, ó chailleadar an Ghaedhilge.
An Ghaedhilge bhinn bhlasta labhair Éireannaigh fad ó,
Tá sí fós in ar mbeulaibh, 's béidh sí ann gan ghó,
Mar labharfam an cháint seo ann ar seanchus gach ló,
'S coimeadfam a h eolas ann ár n-inntinn go deó.
Go deo a dhaoineadh uaisle, mo chomhairle, umhal, mánta
Coimeaduighidh bar muinntir misneamhuil, macánta,
'S congnócham ag cosaint bhur dteanga galánta —
Seo, bail ó Dhia orraibh agus ceud míle fáilte!
