fhadh an oirid uilc a's urchóide do'n
chreideamh Críosdamhlail & do dheun¬
fadh Lomha an t-seoda 'san am atá
teacht. Béidh an tíorughadh míofhulláin
do thug ríghte, prionnsaidh, 's uachtaráin
do'n bheithuigheach alltaighe air chnuic Lon¬
duin mar chuaille úr i lámha anarcaibh
's Níhilibh, an trá a bheidhidh siad a mín¬
ugh do na milliún nach bhfuil creideamh 's
bith ag an dream atá riaghlughadh acht a¬
mháin an teagasg do mhúin Darmhuin.
Déarfaidh ceannfuirt ainmamhuil,
"Tá na Darmhuinibh air bhur mullach,
má's fir sibh éirighidh & caithighidh dhíbh an
trom ualach, & béidh sibh ag deunadh toil
Dé ar an talamh" Déarfaidh caiptín
Francach do chonnairc le n-a shúilibh uath¬
bhás na n-uathbháis ag Londuin, "An ais¬
ling an saoghal seo? A bh-fuil ar mar¬
thuinn cinnte?
Le dhá bhliadhain támuid i muich ag
cosaint an Turcaidh le faitchíos go n¬
deunfadh an Ghréigín Críosdamhuil,
meisneamhuil eagchóir air; air an t im¬
ire atá iona cheann air thrí cheud mill¬
iún go daoine atá dílis dhó. Agus na
dhiaigh sin, thiomáin an cat-mara sinn go
Sasanaigh tabhairt onóir shaoghalta do
phaca robálaidhe atá le trí fichid bliadh¬
an gan sgíth gan stad ag dórtadh fola
& ag creacheadh gach h-uile thír bheag, nach
bh-fuil abulta iad féin do chosaint
Ar feadh an ama sin d'fhágadar eug,
ocras & leun in a m-bealach, go h-áir¬
ighthe ameasg na sean chineacha. Acht b'
fhéidir gur tonn bháidhte de gheaghtaidh na
rainéidh do bhuail an Eoirp & do chruin¬
nidh na náisiúin chum go bh-feicfidís
samhail sochraoide roinn díobh féin atá
réidh le dhul ar sluagh na marbh
Nuair a chailleas fear a fhearamh¬
lacht & a mheisneach ní fiú a ghnotha bheith
bh-fad beo in geall air ithe 's ól; agus
nach mar seo do bhí na náisiúin ag an
Lomha? Cia 'n dualgas a bhi dlighte go
Shasanaigh uainn le go d-tiocfaimís a
tabhairt scannail do dhaoine bochta, 's
ag cur náire air Dia ag mola chomhacht
an Tóraigh, mar gheall air mhaoin. Do
mharbhuidh níos mó Críosdaidhe le trí
fichead bliadhain ná do mharbhaigh an
Turc le grádh air Alah.
Ní,l ionnainn acht cladhairidhe óir tá
fios ag Dia níos fearr ná sinn féin
nach silfeadh deor na truaighe uainn dá
mbeidheadh cúmhachta Thurcaigh & Shasan¬
aigh eugtha & adhlacadh, mar bu chóir, in
éinfeacht.
Ameasg na gcineadh ní leur dam ach
aon chineadh amháin atá saor, chidh mé
ceannfuirt na nGaodhal na seasamh a
lár an áir, a diúltughadh a nglún do
feacadh do Bhaal air Chnuc an Chom¬
pléisg i Londuin.
Mairfidh a n-ainm & a ngníom ameasg
na ndaoine ins na h-aoise atá teacht,
& cia 'n t-iongnamh nuair chluineas mid
gur dhiúltadh Gaeil ocrach i d-tighthibh na
bocht in Éirinn blaiseadh de 'n iobhairt
neomh ghlan do h-ofráladh air altóir na
mallacht.
Ní budh ádhbhar iongantair cruinniugh¬
adh mór daoine, saighdiúr & lungchog¬
choga do fheicsin i Lundoin, ach budh uath¬
bhásach an t-amharc ceann Eaglaise Shas¬
anaigh — tighearnaigh easbog & tighearnaigh
talmhan in éinfeacht tabhairt buidheachas
do Dhia, no mar déarthá, ag innsinn go
na náisiúin, go rabh Dia 'g congnadh le
cúmhacht Bhritain le trí fichead bliadhain.
Ag cur urnaidh spesialta 'n Lomha ;
bhfuirm, ná'r choiméideach, diaganta do
phioc siad an dualgas a bhí dlighte go
Sheasar amach as an m-bille, 's gan oir¬
ead & giog a labhairt ar an b-pósadh
magaidh no ar an bpósadh-mí-riaghalta
atá toirmeasgtha 'san mBíobla, & fós
atá cho coitcheann ameasg bunaidh ríogh¬
amhuil, ach ní'l sgeul d'a fíor nach feárr
roinn de fhágáil gan innsint.
Má bhí smeamh de 'n creideamh foil¬
síghthe beo i g-croidhthibh na ndaoine do
bhí láthair ag éisteacht leis an urnaidh,
cathaigh go rabh a réasún ag dul siar &
an iar mar thráithnín ar bhár cloidhe lár
stoirm mhillteach, sé sin, má thómhais siad
gníomhartha Sasanach le riaghla 'n Bhíobla
A. Mulalla.
* A pious exclamation of people
when they would see one in convul¬
sions with the fallen sickness.
