AN GAODHAL.
49
FÁINNE GEAL AN LAE.
Bánughadh geal an lae. ?
Maidin mhoch air m' éighridhe 'mach
Air fheoreann Locha Léin,
Bhí an crann go glas 'san bláth le 'n ais,
A's an samhra theith o 'n ngréin;
Air mo chasa dhom thré bhailte puirt
Agus bánta míne, réidh,
Ché gheobhainn le m' air acht cúilfionn deas,
Le fáinne geal an lae.
Ní raibh stoca nó bróg nó cadhaipín ghlan
Air mo rún mar sgáth o 'n spéir,
Acht gruaig a cinn lei síos go feor
Agus amach go bárra 'meur;
A cainín crúidhte 'ci 'na glaic
Air an drúcht budh dheas é a sgéimh,
'S gur thug barrgeann o Bhéinios deas,
Le fáinne geal an lae.
Do shuidh an bhríghideach síos le m' ais
Air bhínse glas de 'n sheur,
D'a mealladh seadh do bhíos 's d'a maoidheamh go
[pras
Mar mhnaoi nach sgarfainn léi;
Sé dubhairt sí liom ná bris mo chliú,
Sgaoil ar siubhal mé, a réich!
Siúd iad a n-deas na soilse ag teacht,
Le fáinne geal an lae.
Do shil gach deor le n-a leacann gil
Mar dhrúchd ag tuiteam de fheur,
D'a rádhtar liom agus pós mé 'nois.
Mar gheall tú dhomh roimh reidh;
Siubhal le m' air agus fill mo mheas,
Le ceangal ceart o 'n gcléir,
'S ná seun do chleas do mheall an bhean
Le fáinne geal an lae.
Caithfead-sa diúlta thabhairt anois,
Le fonn duit ainghir shéimh,
D'a rádh bhí ar siubhal uaim, a bheann,
Táim dlúth air neasg roimhreimh;
Chúig céad punt 's iad fhághail am ghlaic
Mar cúinnse as a's talamh saor,
Le cailín deas ó Bheantraidhe 'n-deas,
Le fáinne geal an lae.
Do bhéarfainn cómhairle dho chailín deas,
Dá nglacfadh sí uaim é,
Gan dul amach ag crúidhe a ba
'Dtí go dtigeach teas o 'n ngréin;
Le h-eagla na bhfear a gabháil a ndeas
Nár thruaigh leo súd an sgeul,
Do mbeidheadh baibín óg aicí 'na glaic
Le fáinne geal an lae.
