50
AN GAODHAL
FATHER CONROY'S SERMON
At the Dedication of the New Church
of Cadmus, Connemara, on Aug. 3rd
Because of the many errors, both
verbal and orthographical, permeating
the above Sermon which, we believe,
is owing to incompetent manipulations
in its transit to us, we reproduce it
here with these errors corrected. —
Tá teach d'fhághail réidh ní do dhaoin¬
ibh ach do Dhia," — (I. Par. xxix. 1)
Is mór an t-ádhbhar luthgháire uaibh-se
an gnódh mór-so indiu. Is ró-mhór an
ullgháirdeachas spioradálta a líonas
croidheacha na ndaoine ins an roinn so
d'Iar-Chonnacht ársa, i dtaobh na h-oib¬
re deuntadh atámuid cruinnighthe in seo
d'a feicsint, 'sé sin, Easpog na Gaill¬
ímhe ag beannughadh bhur bpobal do Ghlói¬
re Dé, faoi chuimirc na Maighdiona
Muire ar fhéile árd-thógáil na Maigh-
dinne.
Is sé teach Dé ádhradh an phobuil go
h-uile d'fhághail in éinfeacht cho maith le
ádhradh duine amháin nó beirt, in éin¬
feacht. Mar ní shé amháin go masluigh¬
thear Dia leis na peacaigh a nígheas mó¬
rán, ach fós masluighthear é níos mó
leis na cuireacha in a mbidheann iomad
na ndaoine rannpháirteach, ar an ádhbhar
sin, is dual do gach h-uile dhuine ann
fhéin; & do na daoine ar fad a n-aon¬
fhacht, onóir & glóir a thabhairt do Dhia;
ach faoi chómhair an ádhradh seo an phob¬
uil caithfeamaoid a bheith againn ar nós
ar bith tighthe no áiteacha cóireamhuil
leis an g-cruinniughadh. Is uime sin go
bhfuil sé riachtanach ar mhodh ag an eir¬
eachdas, & mar an g-ceudna dlisteanach
aca tighthe pobuil a dheunadh do Dhia.
D'a réir sin, 'nuair a sgaoil Dia a
phobul toghtha fhéin ó cheannsmacht Phar¬
aóh as Égipt amách, d' orduidh sé do
Mhaoise, sé mhí tharéis a dhlíghe thabhairt
dóibh ar Shliabh Sínai, both no taberna¬
cle a dheunadh le ádhradh & moladh thabh¬
airt do Dhia ar feadh na dá fhichead
bliadhain a bhidheadar a triall thríd an
bh-fásaigh ar Thír Tarrainge.
Rinne Maoise an both no tabernacle
de an n-sampla a thaisbeáin Dia dhó ar
an sliabh, & beannughadh an both no ta¬
bernacle, thug an neul a thárla ar
an m-both no tabernacle le tuigsint do
na daoinibh go rabh Dia a láthair.
'Nuair tháinic pobul Dé go Tír Tar-
rainge, tar cheann teampuill na háite,
rinne Solamhon teampull mór ag Ierú¬
salem do'n náisiún go coit-iomlán. Ag
deunadh teampuill Shalamhoin bhí tuair¬
im dhá chéad míle fear ar siúbhal ar
feadh seacht m-bliadhna; & bhí a áilleacht
cho mór sin go mba ceann d'iongantuis
an domhain é. Bhí féile 'n bheannughadh ar
bun ar feadh ceithre lá dheug, & 'sa na¬
char seo tairgigheadh suas in íobhairt
dhá mhíle fhichead dámh & céad fiche míle
caorach; & tar éis an bheannughadh líon
an teampull le móirdeachd Dé ionnus
ná'r fheud na sagairt a dhul asteach, &
thuit na daoine ar a m-beul fútha ar a
bpámháil taobh amuigh ag adhradh & ag mo¬
ladh Dé.
Annsan Reachd Nuadh tá ádhradh an
phobhuil tabhartha do Dhia i dteampuill á¬
luinn deunta chum A ghlóire. Ach in
aimsir na n-Absdal & cho fada & bhí na
Críosdaighe gann, tá sé soiléir ó 'n
Scríoptúir go mbudh iad tighthe chómhnuigh¬
the na h-áite an cruinniughadh bhí ag na
céad Chríosdaighibh. Ó theach go teach
tairgigheamh suas an Iobairt Naomhtha,
& briseadh an Chommaoineach Naomhtha
ag na daoinibh. Bhí na níthibh seo amhla
ar feadh beagnach dhá mhíle bliadhain, ach
'san tríomha h-aois thosuigh teampuill
d'a ndeunadh, oir d'orduigh Diocletian
an deachmhadh geurlanmhuint & dicheanna
na dteampull. Tar éis é athrughadh do
rinne Constantine 's Róimh basilica ar
Slánuightheora (nó teampull Naomh Eo¬
ghan Lateran) & le n-a chongnamh-san bhí
teampuill bhreágh d'a ndeunadh ins gach
áit in a dtáinic Críosdamhlacht.
Thug Naomh Pádraic Críosdamhlacht
go hÉirinn ag an tráth seo; chraobh¬
sgaoil sé an creideamh fírínneach agus
d'athruigh sé na daoine ar feadh a shao¬
