AN GAODHAL.
51
ghail, & rinne sé tighthe-pobuil thrid an
tír. Ar feadh na ceithre aois a thárla
in a dhiaigh seo budh é cáil na h-Éireann
"Oileán na Naomh & na sgoláire." Budh
iad sgoltacha na mánach an lonnrach-
soilse a bhí ag an Euróip shiar; & rinne
na Céille Dé (Culdee) seirbhís na
dteampull. Is amhla seo bhí Árrainn
na Naomh. In a rabh ní hé amháin
sgoilteacha faoi árd mheas ach fós
seacht d-teampuill. Ach tháinic na Loch¬
lannaigh-Gaill (Fionn-ghaill & Dubh-Ghaill)
go ndeárnadar di-cheannadh ar theam¬
puillibh na h-Éireann, agus dheunfaidís
mar an ceudna aithmhilleadh ar Chríost¬
amhlachd d'a m-b'fhéidir é. Leagadar
Dún Aenguis in Árruinn, agus mhillea¬
dar na teampuill agus na sgoilteacha,
agus mar deunadh in Árruinn is amhla
rinneadar in gach uile áit eile. Chomh
luath as bhuail Brian Ború na Lochlann¬
aighe ag Cluantairbh, as dibrigheadh amach
iad, thosuigh athnuadhadh na hoibre arís.
Rinne easboig & sagairt na hÉireann
seipéil bhreágh in a rabh cathaoir eataidh
'ga easpog, rinneadar fós teampuill
na g-coláiste, mar bhí séipeul Naomh
Nioclás i nGaillimh. Rinne na Cister¬
cians & na Benedictines, a thug Naomh
Malachi, Árd-easbog Árd-Mhacha, a¬
náll, teampuill ró áluinn mar iad siúd
a bhí ag Mellifont, Mainistiebhann, &
Mainisirbhoise, & ní rabh 'san Euróip
aon teampull ní b'áille ná iad seo. In
a dhiaigh seo thainic sagairt Naomh Eibh¬
istín & bráithre Naomh Dhoimnic & Naomh
Phrainsiais, achar gheárr indiaigh na Sa¬
sasaigh a theacht, & scapadar amach 'san
tír ag deunadh tighthe pobuil ins gach
baile & gach áit.
D'fheuch na Sasanaigh, 'nuair i d'iom¬
puigheadar n-a bProtestúin le n-a g-
creideamh féin do chur ar dhaoinibh na
h-Éireann; & bhidheadar d'a dheunadh seo
cho maith 's bhí sé in a g-cúmhachta, le chó-
oibriughadh an ainspioraid, anuas go d-
tí tús na h-aoise in a bh fuilmid, nuair
a friteadh ar saoirse. Budh é 'n cheud
mheadhon a n-deárnadar dhe, talamh na
-Caitilicidhe a bhaint amach. Tugadh áit
omhnuidhe i Múmhain go Phrotustúin as
Sasanaigh amach; baineadh CúigUladh a¬
mach & tugadh an talamh go Árd-easbog
na bProtustún & Coláiste na Tríon¬
óide atá i mBláith-Cliath; ach ní rabh aon
mhaith ann. In sin thainic Cromuil & d'
orduidh sé do na Caitilicidhe an talamh
do ghlanadh in aon bheart amháin roimh 'n
gceud lá Bhealtaine, agus a dhul go h-
ifrionn no go Connacht.
Is mar seo fós a rinneadh leis na
Caitilicidhibh bhí i Sasanaigh, óir chaith na
Sasanaigh suas a gcreideamh i ngeall
ar a gcuid talamhna. Ach lig na h-Éir¬
eannaighibh uatha ní shé amháin a gcuid
talmhan ach ar an nós ceudna gach uile
nidh eile saoghalta d'a rabh aca, oir b'
fheárr leobhtha sin fhéin a dheunadh ná
sgara le na gcreideamh. An dara
meadhon, sé sin, di-cheanna na d-team¬
pull & ruaga na sagart. Leis seo d'iar¬
adar an Creideamh do chur ar gcúl le
gorta; bhaineadar dhíobh an cúdna bhí a¬
ca. Dubhradar, "Ní fheudfamaoid an
crann a mhilleadh, ach geártar uaidh a
chúngantóirigh & an té eitigheas é, ann
sin dheabhfaidh sé fhéin bás Deuntar
aithmhilleadh ar a d-teampuillibh no tug¬
thar iad do na Protusdúin, & díbrimid
na sagairt amach as an talamh, ag leag¬
an deich bpúnt ar cheann gach sagart
mar atá chúig phunt ar cheann gach mad¬
arallta. Agus in sin, caillfidh na daoi¬
ne eolus & cleachtadh a g-creideamh."
Is amhla seo di-ceannadh mórán do
na teampuillibh 'san am úd, & go leor
eile aca a tugadh go na Protestúin
Ach fós tar éis na teampuill a bheith ar
gcúl, d'fhan an sagart arún, gidh go rabh
sé gcontabhairt bháis, & lean sé agus na
daoine an creideamh. Rinneadh mair¬
tíridhe do fiche míle aca i n-imtheacht
fiche bliadhain in aimsir Shibéil chum uis¬
ge do chur ar shíol chreideamh na Prot¬
estún nár fhás ariamh fós. Tháinic a¬
nois an dúbhchan ar na photaidhe, & tre
fhaillidhe na n-uachtarán & mailís an
diabhail, bhí call & anshogh agus pláig 'sa
tír. Ach fós ní fheudfadh na sgiúrsaidh
nimhe seo creideamh nó spioraid na n-
Éireannach a bhriseadh"
(Le bheith leanta)
