AN GAODHAL
59
NA LILIACHA Agus NA RÓSAIDH.
Rachfaidh mise siar go mullach Shiabh Lian.
Go bh-feicidh mise an fial "Athair Domhnal'';
Is fuide liom ná bliadhain, a' lá go rabh mé a triall,
A taraint air a' chléir mhodhmhar :
A ghnúis gheal nár fhiadhta, úmhluigh aniar,
A tá comhduighthe de 'n chéil ró-mhaith,
'S nach brúighte a b-péin, a tá an chlúid seo go léar,
A dúil leat ghach aon oidh' Dhomhnaigh?
Eadar Caisioll 's an áith, 's mullach chró Mháith,
'S go d-téidh tú go barr tíre,
Tá an talamh ann is feárr, an tortha 's an gráin,
Dá bh-faca mé fá bharr crigh ann :
'Na g-cúpiaidh a bhidheas cadhain, 's seabhaca 'na n-diaigh,
Gleanntán na séimh sealga;
Gur b' í arís a cléir, gur b' í Párthas na naomh é,
Le ceolta na n-eun a' cealgadh.
'Siomaidh abhaill cúmhra faluighistí go dlúth ann,
'S coillte bog úr a fás ann :
Loingis air a cúrsa 'na m-beirt 's 'na d-triúr
A taraing air siubhal adhmuid;
Fear as Cúige Múmhan a d' aithris domh mar rún,
A bhreathnuigh alig na cúig ceárna,
Nach bh-facaigh ariamh a shúil, a m-bealach air bith dár shiubhail,
A leithid de chluan fhásaigh.
Nach aoibhinn do 'n té a thárlaidh ann a leithid,
Ní fhásann a' féar garbh ann;
Thig dealrughadh ó'n ghréin 's soilsiugadh ó'n spéir,
Agus ceoltai ó thaobh na fairge:
Meil bhuidhe a goil le fánaidh, droichead siúcra bháin ann,
A's an amhainn fá n-a lán fíona;
Tighthe deun dhe cháisidh, bunnógaidh 'na sráid ann,
Duilliúr agus bláth faoilligh.
Tidhfidh sibh a' lá, a rachfaidh cruinniughadh air a' lán
As gach ceárn dá m-bidheann siad;
Agus gan aon pheacadh ariamh dá deárn, a ghuinist ná 'g-
[cosárd
Nach m-béidh ann ar lámh scríobhtha:
Tá siad a fághail bháis, mar chaoiridh bheidheas air sráid,
Ó chaill muid ar sciath-dhídion;
Sé an "t-Athair Domhnall" tá mé rádh libh dálta Righ na n-
Grásta.
A's gan againn orthú ach spás míosa.
A m-Baile an t-sogairt a tá an dóigh, is méanar bheidheadh
[dhá chomhair,
B'fhogas dúinnidh bheoir mhárta;
Bidheann imirt ann 's ól, aiteas agus spóirt,
Sinnim agus ceol clársaigh;
Bidheann na liliacha 's na rósaidh ann imioll ghach aon ród,
'S an iomata de phór ghárthaidh;
Ach dúbhlán a bh-fuil beo, ná marbh ariamh go fóill,
Sneachta fheiceál ann ná deor bháiste.
— Críoch.
— "Máire Choñachta,"
cct.
gach
do dhéigh
bocht i bpéin
máigh, no bháidh.
aithris an chléir
beirteaña 's na
d-triúra
'sna faoillighe
Tír Chonaill.
— use pl. for
the priest.
as honor
