Cuirim rómhaibh-se na naoi míle fáilte,
Roimh mór agus beag, roimh óg agus sean,
Roimh fear agus bean agus páiste.
III
Tá cláirseach na h-Éireann le fada faoi bhrón,
Agus lionndubh, ochón! ar a téadaibh,
An chláirseach do bhí 'na lúthgháire do 'n chroidhe,
Atá sí gan brígh, a's í réabtha.
Acht sgithfidh sí ceól ann sna spéarthaibh go fóill,
Béidh guth ins gach téad do bhí briste,
Imtheóchaidh droch-shíon, soillseóchaidh an ghrian
Ar shlóightibh na bhFiann bhí sgríosda.
IV
Do fuaras an focal ó éan ar an gcuan
Agus dubhairt sé nach buan a's nach síorruidhe
An sglábhuidheacht d'fhág an t sean-mháthair faoi chrádh,
A's go bhfuighimid a bhfuilmid d' iarraidh.
Ag feadóig an t-sléibhe do chualaidh mé sgeul
Go gcuirfidhear an Gaedheal in áirde,
Lucht béarla faoi cheó a's faoi náire go deó,
Agus sonas a's sógh ar ár gcáirdibh.
V
Cá bhfuil na daoine de mhuintir Uí Néill
Nach gcamfadh a mbeul leis an mbéarla?
De shliocht na ríogh mór, Clann Chonaill, Clann Eóghain,
A's Gearóid bhí i Laighnibh 'na Iarla?
Ó Conchubhair, bhí i n-Éirinn 'na rígh,
Ar thréig siad teanga a máthar?
Ar chaith siad díobh an diallaid d'a ndruim
Le dul gan aon tsuim faoi an t-srathar!
VI
Árdóchamaoid teanga na h-Éireann le bród,
Ár sonas, ár seód, a's ár bpéarla,
A's cuirfidh sí ruaig a's béarfaidh sí buaidh
Ar Ghlafarnaigh chruaidh an Bhéarla.
Ní bhfuighidh sí bás acht bhéidh sí ag fás
I n-a crann bhreágh chraobhamhail áluinn,
Agus sgapaidh an sgeul ó bheul go beul,
Go mbéidh saoirse 'gus seun le fághail ann.
'Tis a pity that some of our “high-toned Irishmen
who promenade Sackville St, Dublin, and Broad¬
way, New York, cannot read or comprehend the
scathing rebuke administered to them in the lines
reminding them that, "By adopting the English
to the exclusion of their mother tongue, they ex¬
change the saddle for the straddle” !
