AN GAODHAL.
61
GOILLÍS NA g-COS DUBH.
(Leanta ó dhulthaobh 60, 5adh Uimhir).
An meud a dubhairt sé ní shásóchadh sé
í, & mar bhíonn a mbeallach féin ag na
mnáibh i gcomhnuidhe, bhía bealach féin aici
si, & thiomáin sí Goillís uaithi ag cur
impidhe air imtheacht leis féin & rud le
an ithe d'irraidh bhí faitchíos mór air
Ghoillís, ach ní rabh aon maith i g caint,
& b' éigin dó imtheacht.
Luidh sise síos faoi chrann mór, agus
thuit sí in a codladh, & thriall seisean
thríd an gcoill mhóir, dhuibh, ag iarruidh
tighe no bothán no áite éigin in a bhfuigh¬
eadh sé biadh le n-ithe, ach ni fhacaidh sé
dadaidh.
'R éis trí no ceathair d'uaire in sin,
nuair bhí sé tuirseach, & nuair nach bhfac¬
a sé aon chosamhlacht duine, no tighe no
áit chómhnuidhe, d'fhill sé le trioblóid
mhór in a chroidhe air ais do 'n áit ann
ar fhág sé a mháighistreas, ach ní rabh sí
ann.
Fuair sé an áit ceart go leor agus
d'aithnigh sé an crann faoi n-a rabh sí
in a luidhe, ach ní rabh sé féin le feicsin
in áit ar bith Ghlaoidh sé, ach níor bh¬
fuair sé aon fhreagradh, ghlaoidh sé ní b'
áirde, ach nior chualaidh sé dadaidh ach an
macalla ameasg na gcrann mór ag ta¬
bhairt freagartha dhó.
Bhí sé réidh le fághail bháis le brón & le
faitchíos, & bhí an oidhche teacht air, &
níor fheud sé dadaidh a dheunadh go dti
an mhaidin Luidh sé féin faoi an g¬
crann ceudna, ach go deimhin budh bheag
é an codladh do fuair sé B' éigin dó
fanamhuint in sin ar feadh mórán uair,
& b'fhaide leis gach móimid ná uair, &
gach uair ná lá.
D' eiridh an ghrian ar deire & is é bhí
luthgháireach nuair chonnairc sé an cheud
sholus taobh shiar de. D' éirigh sé ar an
mball & thoisigh sé ag cuartughadh thim¬
chioll an chrainn mhóir ag feuchaint an bh¬
feicfeadh sé cosamhlacht ar bith d'a bhain-
tighearna. Fuair sé slighe bheag ó'n g¬
crann, an ciairsiúr do bhí ar a muineul,
& ceann d'a lámhainnibh, ach níor fheud sé
aon rud eile thabhairt fa ndeara. Thos¬
aigh sé ag breathnughadh go geur ar an ta¬
lamh in sin, & ní rabh sé bh-fad ag crom¬
adh síos & ag dearcadh no go bh-faca sé
lorg coise móire, coise do bhí an-mhór,
ins an bhfeur bog, & shaoil sé go rabh an
áit rud-beag brúighte síos. Chrom sé é
féin síos ar an talamh arís, & lean sé
d'a chuartúghadh go bhfuair sé lorg na
coise móire sin ag teacht ó cheart-lár
na coille, suas do 'n g-crann a rabh an
bhean óg in a codladh faoi, & ag dul ar
ais arís do 'n áit cheudna.
Cia b' é diabhal no duine a rabh an
chos sin aige, ar sé, in a intinn féin, tá
mé cinnte gur b'eisean a thug an mháigh¬
istreas leis, & leanfaidh mé é, cia b' é
áit a bhfuil sé dul. Chrom sé síos a¬
rís & chuaidh sé a smeuracht ar fud na
gcrann, no go bhfuair sé an lorg a dul
asteach ins an áit budh tiugha, & budh
duibhe de 'n gcoill, & lean sé é asteach
ameasg na gcrann árd, air feadh trí
mhíle no níos mó, go dtainic sé go móin¬
fheur cothrom, gan crann no sgeach ag
sás ann, & bhí abhainn leathan uisge ag
rith thríd an móinfheur, & ar an taobh b'
fhuide uaidh de 'n abhainn, chonnairc sé
pálás mór geal, cho geal leis an aol, &
ceithre túir mhóra ag na ceithre coir¬
neulaibh, & geata mór árd láidir práis
ann, & bhí trí fuinneoga in gach tor aca,
& bhí barraidh iarruinn trasna ar gach
fuinneog aca, & chualaidh sé gul & caoi¬
neadh & osnadha teacht amach asta, ach bhí
sé ró fhada uatha le aithne creud do bhí
ag caoineadh, ar duine no beathach do bhí
ann.
Ní rabh sé dhá mhóiméid in a sheasadh
ar chiúmhais na coille, & ag dearcadh a¬
nonn ar an gcaisleán, nuair a chualaigh
sé streachailt an gheata práis d'a fhos¬
gailt, & tharaing sé ar ais ins an g¬
coill ameasg na gcrann arís, i riocht
nach bh-feicfidhe é.
Chonnairc sé in sin an fathach budh mhó
& ba áirde d'a bhfaca súil duine ariamh
teacht amach go mall, & ag druidim an
gheata go cúramach in a dhiaigh. Thainic
allus fuar, faitchís ar eudan agus ar
dhruim Ghoillís & luidh sé síos go socair
