62
AN GAODHAL
ciúin ins an bhfeur, ar eagladh go dtiubh¬
radh an fathach faoi n-deara é. Ach bhí
an t-ádh air, mar ní dheachaidh an fathach
asteach ins an g-coill an taobh do bhí
Goillís, ach an taobh eile
Cho luath & bhí sé imthighthe as a radharc
thainit Goillís amach, & dhruid sé anonn
chum an chaisleáin, & nuair a thainic sé
faoi 'n mballa, chualaidh sé gotha daoine
ag caoineadh & ag ceasacht astigh ann, &
shaoil sé gur chualaidh sé guth a bhaintigh¬
earna féin in a measg
Sheas sé faoi an tor do b' áirde, &
ghabh sé go milis, mar bhí guth maith aige,
abhrán beag do thaithnidh le inghin an Rí,
nuair a bhí sí i d-teach an t-sagairt,
mar dubhairt sí go mbudh é mac-samhail
an phuirt é do sheinneadh sí féin nuair
bí sí ins an bhFrainc. Do ghabh Goillís:
"Chuir mé mo Phílídh chait
Suas go Beultráigh,"
& d'fhreagair guth na mná uaisle é as
an bhfuinneóig amach. —
"Agus mharbh sé caora
Air fhear ins an áit."
Agus in móimeud in a dhiaigh sin chuir sí
a ceann féin amach ar an bhfuinneóig &
chogar sí go ciuin,
'Thug an fathach asteach in seo mé, &
níor thug sé dadaidh le n-ithe dham ó
chuir sé in seo faoi ghlas mé, & chogar
Goillís air air chuici.
"Dá mbeidheadh rópe agad d'fheudthá
theacht anuas — tá 'n fhuinneog leathan
go leor"
Ach sul d'fheud sé aon fhocal eile 'rádh,
ghlaoidh sí amach go bh-faca sí 'n fathach
teacht ar ais ameasg na g-crann, agus
gur b'éigin do Ghoillís imtheacht. D'ion¬
taigh sé & rith sé ar ais do'n g-coill, &
go direach mar do bhí sé i bh-folach, tháin¬
ic an fathach amach ar an taob eile, &
d'fhosgail sé an geata práis le eochair
mhór iarainn & chuaidh sé asteach, & dhruid
sé 'n geata go cúramach 'na dhiaigh arís,
& chuir an geata osna as & é dh'a dhrui¬
dimh. D'fhan Goillís tamall fada, ag
fanamhaint no go dtiocfadh sé amach a¬
rís, & nuair nár chorruigh an fathach, shíl
sé dá dtiucfadh leis rópa dheunamh de
chairt na g-crann, go dtiucfadh leis an
mnaoi bhoicht theacht unuas le n-a chong¬
namh. An móimeud a thainic an smuai¬
neadh sin in a cheann, thoisigh sé ag oib¬
riugh', & chuaidh sé do'n chrann budh foigse
dhó, & bhain sé slíosóg fhada de 'n chairt
de, agus bhí 'n chairt sin roighin agus
láidir. Chas sé agus dhúbail sé í, agus
rinne sé srang thiugh dí, agus chroch sé
as geugán crainn í, agus nuair fuair
sé gur iomchair sí a throime féin, bhí
luthgháir mhór air.
Níor sguir sé go rabh teud fada
láidir deunta aige, agus bhí sé d'a
chruthughadh ag feuchaint an rabh sé láid¬
ir go leor le meadhachan inghine 'n Righ
d' iomchar, & nuair i bhí sé réidh deun¬
ta aige, d'fhan sé ar bruith le mío-shuaimh¬
neas no go dtainic an oidhche, & cho luath
& thainic sí, & do bhí 'n choill & an cais¬
leán & h-uile rud eile socair & ciúin d'
fhág sé fosgadh na gcrann & chuaidh sé a¬
mach trasna 'n mhóinfhéir & thar an abh¬
ainn, no go dtainic sé go dti an cais¬
leán.
Sheas sé faoi 'n tor in a bhfaca sé 'n
bhean óg, & thoisigh sé a feadaoil an
phuirt cheudna go socair, sáimh, agus
níor bh' fhada gur chualaidh sé fead bheag
chaol eile d'a fhreagairt Chogair sé le
guth caol, beag,
"Thug mé róra liom. dá bhfeudthá a
tharraing suas chugad as seo?" agus
d'fhreagair glór na mná óige,
"Ní thig liom."
Bhí sé i riocht cho dona & bhí sé ariamh
anois, agus níor fheud sé cuimhniughadh
air aon t-slighe le n-a chur suas chuici.
Shaoil sé air deire dá dtiucfadh léi¬
the srang bheag a dheunadh d'a h-eudaighibh
féin agus a leigint sios chuige, ceann
a rópa-san do cheangailt as, go bhfeud¬
fadh sise a tarraing suas ar ais léithe,
d'fhiafruigh sé go ciúin dí an bhfeudfadh
sí sin a dheunadh, agus dubhairt sise go
ndeunfadh si a dithchioll.
(Le bheith leanta.)
