AN GAODHAL.
65
PHILA, AN DARA LÁ DÉAG
De Mí Na Nodlac, 1897.
A Chara Dhílis ; Seo abhrán dhuit a fuair mé ó cheath¬
ar fear as Condae Dhún na nGall agus beirt bhan as
Condae Shligigh. Tá sé cho ceart anois agus thig liom-sa
a dheanadh. Má shíleann tú nach n-deanfadh aon líne amh¬
áin a tá ann, thiocfadh leat a rádh ;
"Dá mbeidheadh cailleach dheas agam," nó
"Dá n-dearcfadh an cath orthaí,"
ná rud éigin mar sin
Duit-se go fíor,
Domhnall O'Murchadha.
AN t-SEAN BHEAN DÓIGHTÍ
Tá mé póstaí air ór 's air airgiod,
'S craicionn sean mhná síntí air leabaidh liom;
B'fhearr liom an óige gan bó gan gamhain aicí,
Bhéarfadh mo chroidhe 'stith spéis agus taitneadh dith.
'S ní h-í an t sean bhean go balach a phós mé,
Ach a t-ór 's a t airiod a bhí ann a póca ;
'Nuair a thug mé chugam é go d-téidhinn dá chomhaireadh,
Ní bh-fuair mé ann ach píosa crónach.
A shean bhean aosta, cuirim dighe 'gus deacair ort,
A luidhe 'san oidhche 'gus aig éirigh air maidin dhuit ;
Do chos go leonaidh tú 's nár fhágh' tú teagasc dith,
'S mo mhallacht féin go rabh síos a d-talamh leat.
Gheall a' t-sean bhean airgiod agus ór damh,
Gheall sí sin agus cuid mhaith mhór dhamh;
Gheall sí féirín lá aonaigh 's margaidh,
'S ní bhéidhinn-se aig éilliughadh dá mbéidheadh céile leapta
[agam.
Gheall a' t-sean bhean a nidh budh doiligh dith
Loingis óir a chur faoi sheoltaibh airgid;
Dá bhaile dhéag de bhailte margaidh.
'S cúirt gheal ghléigiol air bhruach na fairge.
'Nuair a théidhim-sa ann aifrinn Dé Domhnaidh
Agus amharcaim uaim air na cailínidh óga;
Bidheann mo chroidhe agam go d-tigidh an trathnóna,
Go bh-pillim aríst air a' t-sean bhean dhóightí.
Bhéirim-sa mo mhallacht dho'n t-sogart a phós mé.
'S ní dhó is cóir ach dho na buachaillidh óga,
'Nuair nach d-tug siad damh-sa páirt dhá g-comhairle,
Sul dhár úbhairt mé an "Gabhaim" leis a' t-sean bhean dhóightí.
Air éirigh 'mach damh go cúl a' ghárthaidh,
Fuair mé mo shean bhean anns a' díogaidh báidhtí,
Tharrainn mé 'níos í, air ghréim bárr láimhe,
'Gus chualaidh an saoghal mo chroidhe 'stith a gáiridh.
díoth
dí-ú
