AN GAODHAL
FATHER CONROY'S SERMON
(Concluded)
Nuair a bhí na daoine d'a bpréachadh
thainic na "soupers" le n-a gcreideamh
nuadh in aon láimh & airgiod & "soup"
'sa láimh eile, ag rádh, "Tóig an dá
nidh, no ní bh-fuigheadh tú ceachtar acu."
Dubhairt na hÉireannaigh leobhtha nach n¬
glacfadh siad-san aon chreideamh no
aon soup uatha go brách. Agus go dei¬
mhin, i nGaillimh amháin, & go speisialta
i gConamara, a fuaireadar duine air
bith a sheun Críost mar gheall air bhrib
airgid. Ní rabh mórán paráiste i n-Iar-
Chonnacht a lig asteach iad. Tháinicea¬
dar 'sa b-paráiste seo aon tráthnóna
amháin, ach d'imthigheadar arís air maid¬
in go deifireach.
Chuir na Protestúin geurleanmhuint
ar na daoinibh, & ar an módh seo rinn¬
eadar a ndithchioll chum creideam Cait¬
iliceach na h-Éireann a phlúta, ach níor
feudadh é. Ag tús na h-aoise atá lá¬
thair anuair nár cuireadh an dlighe seo
ar aghaidh níos mó, bhí "Oileán na Naomh
& na scoláire," go deimhin, gan team¬
puill no scoltacha. Brúighte, ach fós ní
briste, rinneadar na daoine bochda
tighthe pobhuil dóibh féin, ar d-tús faoi
dhíon tuidhe, & bhidheadar sásta leobh
mar tá na séipéil i Rosmuc, & i gCom¬
us, 'sa bparáiste seo a cuireadh ar
bun i laethaibh an Athar Thomáis Bhreath¬
naigh a d'eug.
Cho luath & d'imthigh an gorta agus an
neul, leagadh anuas na tighthe pobuil
ceann-tuighe úd, & h-árduigheadh suas in
a n-áit go fíor theampuill sar-bhreágh,
ionnus nach rabh 'san Eaglais go h-uile
tighthe pobuil ar bith nár rabhadar na
séipéil seo comh máiseach leo. Deárnadh
iad seo le cúmhachta an chreidimh agus
le pighnneacha fanach na g-creideamhach i
n-Éirinn, & os cionn gach uile nidh eile,
le ceudna & co-oibriughadh na n-Easpog
& na sagart. Mar an g-ceudna, thré
deas-ghradh bhur sagart paráiste maith
& thré cindiughadh fallair, farsaing Eas¬
poig fhoghluimte, beannuighthe na Gaill¬
ime, agus déirce an phobuil i g-ceann a
chéile, tá árduighthe suas os ar g-cionn
in seo indiu chum Dia do mholadh, do áir¬
iughadh, & do ghlórughadh, teach pobuil ion¬
nas an t-séipéil sarúmhal ceann tuighe
a bhí i g-Comus.
Is é go fírinneach an teach seo teach
Dé thré choisreagtha an lae indiu. De
bhrigh gur b'é teach Dé é, is uime sin gur
teach urnaigheadh é; óir adeir ar Slán¬
uightheóir féin: "Is teach urnaigheadh mo
theach sa" Air an ádhbhar sin, cuidra
Dia níos mó áird ar a dhaoinibh & níos
mó tora ar a n-guidhe i d-teampull Dé
ná in áit ar bith eile. Is seo é an teach
ann a d-tairgimid suas Naomh Iobairt
an Aifrinn & in a g-comhnuigheann Iosa
Críost gach lá & gach oidhche gach uair &
gach tráth, i Sacrameint na h altóra
Bhí sé ráidhte faoi an dára teampull i
n-Ierusalem, "Is mór a bhidheas glóir
an teampuill seo thar an cheud cheann,"
óir is é an dára teampull, & ní shé an
cheud cheann a rinne Iosa Críost a on¬
óradh air feadh a shaoighil ar an talamh.
Nach mór é, mar sin, glóire an team¬
puill seo in a bh-fuillmid cruinnighthe
láthair a chéile indiu nuair atá fios a¬
gainn go dtárluigheann Iosa as na Flai¬
this anuas in a mórdhacht ar an altóir-
sa tSacrameint naomhtha gach uile uair
d'a d'theirbeartan suas naomh Iobairt
an Aifrinn. Agus tuille fós, óir ní
shé amháin go d-teangan Dia a mhac, a
cheannuigh an domhan go h-uile le na chuid
fola a dhóirt Sé go dtí an deor dhéigh¬
ionach ar chrann na croise anuas in ar
measg ar an modh iongantach seo, acht
comhnuigheann sé 'sa teampull ar an
altóir a shúile i g-comhnuigheadh a dear¬
ca & a chluasa fosgailte, ag éisteacht
leis an té a thiucfas le tóghbhartas aige
Agus cé árd é 'n toghbhartas seo?
Tá go cinnte, mar deir Dia féin, ann
Phaidir amháin a ghuidheas an peacach ar
Dhia i ndeágh stáid i dteach Dé le croidhe
iomlán glan. Ach má's fíor é seo, óir is
fior, i dtaobh urnaighe de 'n t-sórt seo,
nach mór an t-ulghárdas a bhidheann ins
na Flaithis gach uair d'a léightear Aif¬
rionn i séipeul Dé; in áit a bhfuil ní shé
