(31)
12Mhadh Rol. Uimh. 7.
MÁRT.
1898
GOILLÍS NA g-COS DUBH.
(Leanta ó dhulthaobh 62, 6adh Uimhir).
Bain sí a gúna dhí féin, ⁊ stróic sí
i ngiotaibh caola é, ⁊ chuir sí snaidhm
orra, ⁊ rinne sí sórt córda dhíobh, ⁊ bhí
sí 'gá leigint amach róimpi i gcómhnuidhe
i gcómhnuidhe on go rug Goillís air faoi
dheire, ⁊ cheangail sé a rópa láidir féin
ar, ⁊ dubhairt sé,
"Tarraing leat"
Tharraing sise, ⁊ níor b'fhada go rabh
an rópa in a láimh féin. Dhearc sí in a
timchioll in sin ins an rúma beag cúmh-
ang in a rabh sí druidte suas, le fágh¬
ail amach rud éigin a gceanglóchadh sí
an rópa de Bhí fáinne meirgeach iar
rainn dhaingnighthe 'san mballa ⁊ cheang¬
ail sé 'n rópa leis. Bhí beagnach dhá fhi-
chead troighthe le teacht anuas aici, acht
bhí sí misneamhail ⁊ eadtrom ⁊ bhí an
faitchíos d'a tiomáint.
Ghlac sí 'n rópa in a dá láimh ⁊ chroch
sí í féin as an bhfuinneóig, ⁊ thoisigh sí
a sleamhnughadh síos. Chuaidh sí go mall
i dtosach, ach nuair bhí sí teacht anaice
na talmhan bhí a meádhachan féin d'a
tarraing, ⁊ ni rabh sí sáthach láidir le
greim daingean do chongbháil ar an ró-
pa ⁊ rith sé cho luath sin thríd a meur-
aibh go rabh siad geárrtha ⁊ gortuighthe
leis, ⁊ an croicionn bog bán bainte d'a
lámhaibh. Thuit sí in a h-ualach trom ar
an talamh, ⁊ bhí sí beagnach gan mheamh-
air, ach thóig Goillís suas í ⁊ chuir sé ar
a mhuin í, ⁊ rith sé léithe thar ann abhainn
⁊ treasna n mhóinfhéir, ⁊ asteach ins
an gcoill arís, ⁊ níor sguir sé de 'n
rith sin, ach d'iomchair sé í cho fada as-
teach ameasg na gcrann ⁊ d'fheud sé.
Nuair a bhí sé sáruighthe ar fad leag
sé síos ar fhód glas féir í, ⁊ leig sé a
sgígh. Ni rabh sí i bhfad a teacht chuici
féin, ⁊ d'innis sí a sgeul dó, mar thai-
nic fathach mór nuair a bhí sí ín a cod-
ladh, ⁊ mar thóig sé ⁊ chaith sé thar a
ghualainn í, ag rádh go ndeunfadh sí
suipeur maith dhó, ⁊ mar rug sé chum a
chaisleáin í, ⁊ mar dhúin sé suas faoi
ghlas i rúma beag dubh caol í, ⁊ mar d'
