Fhág sé in sin í, & mar chualaidh sí gol
& caoine & ceasacht na ndaoine eile do
bhí annsa' gcruadháil cheudna.
Budh mar sin do chaith siad cuid de 'n
oidhche, ach nuair a bhí sé anaice fáinne
'n lae, d'éirigh siad, & rinne siad deabh¬
adh & deifir le fágbhail na coille móire.
Bhí siad trí no ceithre uaire ag siúbhal &
bhí an ghrian árd ins na speurthaibh an¬
uair a thainic siad amach aisti faoi
dheire & bhí 'n bheirt aca beagnach marbh
le eagla & le obair Bhí siad beagnach
a fághail bháis leis an ocrus, ach chonnca¬
dar bothán beag i bhfad uatha, & nuair
thainic siad cho fada leis fuaireadar
sean chailleach astigh ann. D'iarr siad
greim aráin in ainm Dé uirri, & fuair
siad é. Bhí siad ro thuirseach le siúbh¬
al níos mó, & d'fhiafruigh siad de 'n g¬
cailligh an leigfeadh sí dóibh luidhe ins an
teach an oidhche sin, 7 dubhairt sí go
leigfeadh & fáilte. Air theacht an trath
nó ia thainic inghean na sean chaillighe as¬
teach, & bhí sí níos gránna & níos duibhe
ná a máthair dá mb'fhéidir é. Rinne
sise dha leabuidh tuighe & chuir sí cuireadh
ar Ghoillís & ar an óghmhnaoi luighe síos
& dhul in a gcodladh, "mar bhí sí cinnte
go rabh siad sáruighthe" Thugadar buidh¬
eachas di, & luidh siad síos, & thuit an
bhainphrionnsa in a codladh ar an mball,
ach ní rabh aon spéis ag Ghoillís ins na
cailleachaibh & níor chodail sé neul, acht
leig sé air tar éis seal beag, do bheith
in a chodladh, & thoisigh sé sranntaighil.
Chuaidh an chailleach anonn chuige le
coinneal & chongbhaigh sí os coinne a shúi¬
le í, ach níor chorruigh sé agus chuaidh
sé ar aghaidh i sranntaighil, go rabh sí
cinnte go rabh sé in a chodladh dáríribh.
Nuair i bhí sí sásta ag breathnughadh air¬
sean, chuaidh sí anoin do 'n bhean phrion¬
sa, & d' aithnigh sí ar an bpuinnte go
rabh sí in a tromh-chodladh Chuaidh sí ar
ais do 'n teine & thoisigh sí ag caint go
sáimh le n-a hinghín, ach chogair siad cho
h-íseal sin 'nár thuig Ghoillís creud do
bhídheadar a rádh, ach bhí amhrus, & fait¬
chíos air nach rabh aon rud maith le deu¬
nadh acu. Chuir sé cluas gheur ar féin
& chualaidh sé ar deire mar dubhairt an
mháthair, "is ar éigin thiucfadh leis bheith
inseo le éirighe 'n lae," & d'fhreagair an
inghean í "tá 'n t-Itheadóir luath."
"Maiseadh, marbhfáisg orra," 'r Goil¬
lís!" in a chroidhe féin, "ce shé an t-ith¬
eadóir, no cad é; & cad chuige bh-fuil
sé teacht annso? Míle mallacht ar na
sean chailleacha gránna! tá faitchios
orm rómpa."
Dubhairt an mháthair arís, "imthigh leat
anois agus fill leis chó luath a's féidir
leat," & d'éirigh an inghean ghránna agus
chaith si a fallaing uirri & d'fhág sí an
teach.
Má bhí faitchíos ar Ghoillís bocht roi¬
mhe sin budh seacht mhó é nuair a d'fhan
sé le leath uair & nach bh-faca sé í teacht
ar a h-ais Bhuail sé é mar bhuille tinn¬
trigh gur ag iarruigh an fhathaigh mhór do
bhí sí, le n-a thabhairt síos orra, & le n-a
marbhadh; & mar smaoin sé ar sin bhris
an allas suar amach ar a mhala & ar
a eudan. ""Má fhanamuid in seo go d¬
ti 'n mhaidin tamuid caillte," ar sé,
leis féin; má tá aon t-súil ar bith ag¬
uinn le theacht saor caithfimid an teach
seo fhágbháil ar an bpuinnte seo."
D'iontaigh sé ar a leabuigh tuighe cúp¬
la uair, & leig sé osna no dhó, taisbá¬
na do 'n chailligh go rabh sé ag dúisiugh¬
adh, & in sin shuidh sé suas ins an tuighe
& d'éirigh sé.
Chuaidh sé 'nonn do 'n teine go sáimh
socair, a síneadh a lámh & ag osnaeghíl a¬
mhail a's mar bheidheadh an codladh fós
air, & shuidh sé síos ar stól beag ag an
teine, & shuidh an tsean-chailleach ag an
taobh eile de 'n teaghlach. Thoisigh sé gh'a
théitheadh féin, & d'iarr sé cómhrádh do
chur ar bun eidir é féin & an chailleach,
ach d'fhreagair sí go geárr & go crosta
é cho minic agus d'fhosgail sé a bheul
Shaoil sé go mbudh droch chosamhlacht é
sin, & bhí sé ag éirighe cinnte go rabh
droch rún ag muinntir an tighe seo.
D'fhiafruigh sé faoi dheire di, gan a
imnidhe leigint air, cia rabh a h-inghean
imthighthe uatha, & d'fhreagair an t-sean-
bhean go geur é,
"Ní bhaineann sé dhuit-se cia bé áit
