74
AN GAODHAL
a bh-fuil sí imthighthe, ní shé sin do
ghnódh-sa."
Ba iomarca é sin dó Rinne sé aon
léim amháin, & rug sé ar sgornaigh na
caillighe & thuit sí faoi, le sgread áith¬
bhéil a dhúisigh inghean an Righ.
"Damnughadh síorruidhe ort a shean
chailliagh na bpiseog," ghlaoidh sé, 'meas¬
ann tú go dtig leat mo mhealladh-sa,
innis dom ar an bpuinnte seo cá bhfuil
d'inghean no bainfidh mé do mhuineul
gránna díot ar aon shásgadh" Do
sgread an chailleach, & throid sí & thuit
sí ag strapaireacht ar an urlár, ach
bhí a lámh aige ar a píobán agus níor
sgaoil sé a ghreim,
Innis dam cá bh-ghuil d'inghean, a bhean
gan mhaith, gan náire," ar sé, "no tacht¬
faidh mé thú" Nach leigfidh tú dham labh¬
airt," ar sise, ar éigin, "agus innseo¬
chaidh mé rud ar bith dhuit."
Sgaoil Ghoillís a ghreim in sin, ach
níor fhág sé mach-'s-amach í
"Abair leat!" ar sé, agus muna gnidh
tú faoistin fíor dom tá 'n bás i ndán
duit anocht"
"Chuaidh sí do'n tobar a tarraing uis¬
ge le bruith mine chum bhur n-aghaidh-se a¬
márach," agus cad é 'n sórt cúitiughadh
é sin ar mo chineáltas duit-se nuair
a thug mé leabuidh, didion, agus biadh
dhaoibh, agus 's sé 'n buidheachas a fuair
mé go bhfuil mé beagnach tachta agad."
"Basgadh ort! thug tú d'éitheach, a
ghlaoidh Goillís, "dá mbudh dul do 'n
tobar do bheidheadh sí ag imtheacht bheár¬
sadh sí canna no soitheach léithe, agus ní
rabh in a láimh ach bata nuair d'fhág sí
'n teach mar bhí mise ag breathnugh' uirri"
(Le bheith leanta)
Sgríobhtha Do 'n Ghaodhal
Le Niall Deber, Eobhrach Nuadh.
Air fud an domhain, ó bhan go ban,
Gach áit bhfuil pór an duine le fághail,
Cad is a mhaitheas nidh sin súinidh
'Sa bhéarfas beannacht ar gach ball:
Cad is ann mothughadh a tá 'sa chroidhe
Bheir buadh go cinnte ar bhród ar mian,
Sé 's beanaigh 's daora, 's fíor, 's fearr
'Sé grádh go deo ar d-tíre fhéin.
Cia 'n sclábhuidhe aingise bhéareas cúl
do ghrádh a cháirde, 'ghaol 'sa thír;
Nois malairt ar gach nidh 's náireach,
Scarann sé le iad is daoire.
Ní'l faoi 'n gréin acht sclábhuidh 'mháin,
Tá aingiseach, náireach in a mhian,
A chaill a mhaitheas, a bhróid 's náire,
An t-Eireannach a sheunfas féin.
Tá 'r d-talta torochtach, saidhbhir, deas,
Is righ'mhúil, breágh ar gcnoc go léir
Is folláin áille bhí ar tír go uile,
Tá sláinte crochta ar an fpéir;
Acht cé bheir dimheas air ar dtír
Bheir gráin 's fuath d'a nádúr féin
Cé acht an sclábhuidhe 'slú 'sis gránna,
An tÉireannach a sheunfas féin.
Tainic an Sasanach 's thug sé aghaidh
Go santach, lochtach ar ar d-tír,
Cé 'n tÉireannach nach d-tógfadh 'lámh,
Acht cuidiugh' leis, as rinn' sinn daor;
Cé bhí gan ainim 's bhí gan chroidhe,
Bhí ar námhaid, 'ná t ar gcáirdibh féin.
Sclábhuidhdhe gránna 'n tíoránuidhe,
An t-Éireannach a sheunfas féin
Ag angcaltas, is ag mícheart,
Le saoghalta 'nois bhí sdiúra 's riaghail.
Bhí marbhtha 's buaidhreadh in 'sa tír
Baint scread 's osna as Clanna Gael.
Ce thiocfadh acht nach dtóigfa 'n trum
Bí'r gclaoidh 'sar gcrádh thógaint dínn,
Theann na cruaidh theudadh ar gceallta,
An t-Éireannach a sheunfas féin.
Acht raob sinn ceallta 'n tíoránaigh,
'S fuair sinn scartha uaidh go fíor,
D' éirighmid suas go láidir, treun,
is mhínimid dhó go mbeidheadh sinn saor,
Acht congbhaighidh súil ar sclábhuidh 'mháin
Tá aingiseach, náireach in a mhian,
'Sé bhéarfadh crádh go fós ar Éire,
An t Éireannach a sheunfas féin
P D Only one member, M. A. O'Byrne, of
the New York Gaelic Society is a subscriber to the
Gael. The Philo-Celtic Society takes five copies,
and a large number of its members are subscribers.
