AN GAODHAL
75
MARBHCHAOINE AIR BHÁS SHEÁGHAIN MacCARTAIGH
Pádraic O'Cathasaigh ro chan.
Táim brónach, faituirseach, greaduighthe, cráidhte,
Ó cailleadh ar gcarad Seághan bán MacChartaigh.
'Sé labharfadh ann Gaedhilge agus do thuigfeadh na dánta,
Agus níor sheun sé 'n talamh do bheannuigh Naomh Pádraic
Do chomhnuidh sé i g-cathair gurab' ainm de Málden,
Do bhí sé acfuinneach, meanmnach, láidir;
Dá n aireochadh sé leanbh ag sgreadach le gádhtair,
Deirim-se leat-sa go tabharfadh sé 'rán dó
Do bhí sé le tamall ag cailleamuint a shláinte
Agus a bheirt mhac a bh-fochair in a ndochtúiridhe breágha,
Seághan agus Cormac do bheirin an bárr dóibh,
Thugadar aire dhó chum gur mharbh an bás é.
Leigheasan siad daoine tá líonta le greanna,
Agus ní chuireann siad bille ar lorg a b-páidhe ort,
Is mairg na molfadh go deimhin na Cartaigh,
Beo agus marbh, pé mar atá siad.
Nuair a cailleadh a n-athair bhíodar go brónach,
Bhí mór chuid na thimcheall de mhuintir na broisde,
Do dheunadh é a chaoine agus é sínnte 'sa chofra,
Agus chonnairc deórach a tuitim le bhruinneal gan pósa.
Do leig mórsheisear sagart aifrion mór dhó,
Do dheunadar treó d'a anam i bhflaitheas na glóire,
Tá sé a bhfochair na n-aingeal ag seineamhaint na gceólta
Agus is é Naomh Peadar fuair eochair na ndóirse.
Táinig tocht air mo chroidhe agus do ghoileas le buairt,
Nuair a connairc a chorp sinnte 'san uaidh,
Bhí an t-eug na bhallaibh agus a leabadh go fuar
Agus iad a caitheamh an chré air ar g-caraid anuas.
Ní'l sé 'n aonar, tá na tréadtha 'na thiomchall,
Sínnte go faon lag ag caitheamh an t-saoghail-seo.
Gan urlabhar ná eistacht, gan eifeacht ná cuimhne,
Agus is mór an truagh an duine na dheunan an faoisdín.
Dheineas an dán so dar g-caraid an fearraire criona,
Agus do mholfain aoine dheunfadh daonnacht air dhaoine,
Nuair airigheas a thréadta dheineas iad a craobhsgaoile,
Agus as soth le na tréadta ar seun-fhear bheith sínnte.
Is é sgríobhadh a nGaedhilig, agus do léigfeadh na linne,
Dia linn a's Muire tá sé sgartha linn choidhche,
Siolrach na sagart do mhaitheamh na tíreach,
Guidhidís air anam i maidin sa 'n-oidhche.
Do rugadh ar gcaraid i n-aice Mhaghcromda,
I mbeul na marbh do bhí 'ge ba agus gamhna,
Im agus bainne go fairsing 'san t-samhradh
Do bhidheadh muc agus tarbh air chroch as an glamhran.
