AN GAODHAL.
78
SGEUL CHIONNFHAOILIDH.
(Le Duine gan Ainm)
Bhí fathach mór in Éirinn fadó, agus
is fadó bhí, darab' ainm Balor Béim¬
eannach. Bhí adhbha aige i gcondae Dhún-
na-nGall, ar aghaidh oileán Arann. Budh
fhé 'n fathach seo bhí 'n Rígh ar na Fám¬
airibh Fairge & ba mhian leis árdchíos a
bheith aige ar mhuintir na h-Éireann, go
h-áirighthe ar an dream bhí 'na gcomhnui¬
dhe in imcheall na gcuan.
Deirthear gur minic a rinne sé slad
mór r chúige Chonnacht ins an am a rabh
Bodhbh Dearg, mac an Dada, 'na righ ar
Chonnachtaibh.
Ins an tsean aimsir seo, siar ins na
bliadhantaibh atá 'nois faoi cheo na
h-aoise, b'fhéidir trí mhíle bliadhain ó
shoin, bhí triúr dearbhráthar ann darab
ainm dóibh, Gaibhide, Mac Samhain, gus
Cionnfhaoilidh. Bhí 'n fear ba sine acu
'na ghabha chliste & bhí ceárdche aige i n-
Druim-na-teineadh, go díreach anonn ar
aghaidh tighe Bhaloir.
Budh le Cionnfhaoilidh * an fearann
'na bhfuil an tulach beag & Rath-fionnáin
anois.
Bhí bleachtach bhreágh ag Cionnfhaoilidh
ar b'ainm dí "Glas Geimhleann," & de
bhrigh go dtugadh sí go leor bainne, bhí
gach uile dhuine 'na diaidh air. Is minic
a tugadh iarraidh ar a goid uaidh, 'riocht
go mb'éigin dó adhastar a chuir uirri, &
í chongbháil le 'n air gach uile áit d'a d-
téidheadh sé, & is mó an faitchíos do bhí
ar roimh Bhalor ná roimh dhuine ar bith
eile, de bhrigh go dtigeadh sé go minic go
ceardta Ghaibhide ag deunadh clóidheamh
& d'a leasughadh le h-aghaidh catha Mhaighe
Tuireadh, do bhí 'ga thionnsgnadh faoi 'n
am sin.
Ní gan ádhbhar bhí aimhreas ag Cionn¬
fhaoilidh ar Bhalor, mar fheicfear go
goirid. Lá áirighthe d'a rabh Chionnfhaoi¬
lidh ins an gceardta ag deunadh cloidh¬
imh dhó féin, bhí an Ghlas ar adhastar
aige, mar ba ghnáthach. Thainic Balor a¬
mach as an gceardta i gcosamhlacht ga¬
súir fir, & cloigeann ruadh air. "Cog¬
ar," ar sé le Cionnfhaoilidh, "atá do
bheirt dearbhráthar annsúd astigh ag
deunadh a cloidheamh féin de do chuid
cruaidhe-se, & a cur iarrainn 'n do
chloidheamh-sa"
Thainic cúthach feirge ar Chionnfhaoildh
"Seo," ar sé, le Balor, 'Congnuigh 'n
bhó-so domh-sa go mbuailidh mé leitheadh
a gcroiceann orra."
Nuair a choinnic na dearbhráithre an
fhearg a bhí air shaoileadar go rabh sé ar
mire. D'fhiafruighdear de ceurd a bhí
air nó rabh sé cailleamhaint a chéille —
Air iompóghadh thart dhó ní rabh an bhó le
fághail; bhí sí crochta a baile anonn
trasna an chaol-loch leis an gcuradh, &
é ga tarraint asteach faoi ghréim rio¬
bail go Port-na-Glaise Nuair
chonnaic Cionnfhaoilidh an cleas a d'im¬
ir Balor air, bhí sé lé buile & le báinidh
& ní rabh fhios aige ceurd do b'fheárr
dó dheunadh leis an mbó d'fhaghail ar ais
Faoi dheireadh chuimhnigh sé rabh sean-
duine faoi dhraoidheacht 'na chomhnuidhe
ar Dhruim-na-Teineadh, & go mb'fhéidir
dó dhul d'a feicsint. Dubhairt an sean-
draoidh leis nach rabh fághail ar ais uir¬
ri choidhche cho fad a's mhairfeadh Balor,
mar gheall ar dhroch-shúil a bhí aige, do
chuirfeadh chum báis gach uile dhuine a n-
dearcfadh sí air. Ní bhídheadh an tsúil
seo fosgailte ach le ócáide mhór, nó in
aimsir cogaidh, nó muna mbeidheadh ná¬
mhaid le leagan aige, de bhrigh go mb'éig¬
in do cheathar fear falach na súile do
thógbháil le teannachair mhóir iarrainn.
Chuaidh Cionnfhaoilidh arís go h-áit in
a rabh Leanán-Sidhe do bhí aige darbh''
(Le bheith leanta)
* Is uaidh seo thigeas an sloinne Mac
"Cionnfaoilidh" atá ar Uilliam Mac
Cionnfhaoilidh ó Ohio. Crochadh duine
d'a mhuintir ceud bliadhain ó shoin, mar
gheall gur thróid sé in aghaidh na Sasan¬
nach in Éirinn — Is ionann Cionnfhaoilidh
& "eudan-áthasach
[We don't know who sent this stor¬
y; it bears the San Francisco post
mark of Dec 3rd, 1896.]
