(32)
12Mhadh Rol. Uimh. 8.
AIBREÁN,
1898
SGEUL CHIONNFHAOILIDH, — Leanta.
ainm dí bioróg ar, t-Sléibhe, go ndeár¬
nadh sé comhrádh léithe. D'innis sí dhó go
rabh aon inghean amháin ag Balor, ⁊ go
rabh sé i d-tearagracht go m-beidheadh sí
in a siocair báis dhó, ⁊ go gabh sí anois
aige i n-dún áluinn ar oileán Árann ⁊
dhá-reug de mhnáibh dh'a coimhdeacht. Bhí
cuing orra gan aon fhear a leigean ar
an oileán, ⁊ ní shé sin amháin, ach gan
labhairt ar ainm fear in a cómhair.
Bhí go maith. I g-ceann tamuill in a
dhlaidh seo rinne an Bhioróg bean áluinn
de Chionnfhaoilidh, do chinn i sgéimh i n-
dreach ⁊ i n-deilbh ar mhnáibh an t-saoigh¬
il, ⁊ do chroch léithe é ar bhár na d-tonn
anonn treasna an chaol-loch go Dn-
Eidne.
D'iarr sí lóistín na h-oidhche de bhain-
ríoghan óg a shábháil sí, a dubhairt sí, ó
na h-Allmhuraighibh do bhí dh'a goid leobhtha
do'n Domhan Shoir. Mar bhí aithne mhaith
ag na mnáibh coimhdeachta ar Bhioróg an
t-Sléibhe, ní leigfeadh an faitchíos dóibh
í obadh faoi lóistín na h-oidhche, ⁊ do
leigear asteach i.
Ní rabh sí bh-ad astigh no gur chuir sí
trom-shuan dodalta ar na mnáibh, agus
sul do dhúisigh fíad, d' fhuadaigh sí léithe
Cionnfhaoilidh ar ais go Druim-na-Tein-
eadh.
'Nuair a músgail na mná coimdeach-
ta, d'innis Eidne dóibh go rabh sí i n-
grádh leis an mnaoi uasal, ⁊ go m-budh
mhaith léithe í bheith aici ins an g-caisleán
i g-comhnuidhe. Ní dheárna na mná acht
magadh fúiche, ag rádh gur ag aisling a
bhí sí; ach i gcionn bliadhna 'na dhiadh so
do rug sí triúr mac.
Chuir an droch-sgeul so imnidhe mhór
ar Bhalor; bhí eagla air go mb' fhéidir
gur le n-a linn do gheobhadh sé fhéin bás.
Do cheangail sé suas iad i mbraithlín
le dealg no biorán ⁊ do teilgeadh as
teach ins an uisge iad ins an áit ar a
ngoirtear Port-na Dealg indiú; ⁊ is
sé úghdar na h-anma. Shaoil Balor go
rabh an bealach réidh anois, ó thárla gur
chuir sé, dar leis féin, na leanba chum
bháis.
Bhí sé g-clodh Iúl Fuair "an Lógánach."
mé an cruthughadh.
