AN GAODHAL
81
Ach thuit an biorán as an mbraithlín
& sgior cean de na leanbhaibh amach ais¬
ti — scuab an Bhean-Sídhe léithe é go dtí
a athair; thug an t-athrir d'a dhearbhrá¬
thair é le n-oileamhuint, & le ceird na
gaibhneachta do mhúnadh dhó, mur budh í 'n
cheird do b' fheárr & budh mheasamhla in
Éirinn ins an am sin í.
D'fhás an t-oidhre suas in a óglaoch
mhór, aigeanta, lúthmhar & bhí cion mór
ag Balor air, ach ní rabh fhios aige gur
mac inghine dhó féin a bhí ann.
Sealad tamall in a dhiaidh sin, d'inn¬
is draoi do Bhalor gur b'é Chionnfhaoil¬
idh athair na cloinne rug a inghean Eid¬
ne. Chuir sin eagla mhór air, & d'imthigh
leis gur chruinnigh sé díorma dhe na h-
Allmhuraighibh. Ghabhadar Cionnfhaoilidh
& marbhadar é. Tá 'n chloch air ar bain¬
eadh an ceann de le feicsint ag fear
ghabhailte 'n bhealaigh indiú.
Thóig Mhisbi Mór Olpherts leachta
Chionnfhaoilidh sé-troighthe-deug ar áirde
ar chloch mharmhuir, ins an mbliadhain
1793: 'Sé ainm na h-áite nois "Cloch-
Chionnfhaoilidh."
D'ionnsuigh Balor arís ag slad na
tíre gan eagla roim fearaibh Fáil; ó
chuir sé Cionnfhaoilidh dh'a chois, shaoil sé
go rabh an báire leis. Mur ba ghnáthach,
thigeadh sé go cheardchan Ghaibhide ag lea¬
sughadh a chuid arm-troda, gidh na rabh
fáilte ar bith ag an dalta óg roimhe, óir
bhí fios aige go maith gur b'é mharbhuidh
a athair & go ndearadh sé a dhithchioll é
fhéin do chur de 'n t-saoghal.
Ach b'éigin dhó faire ar uain & tráth
le díoghaltas do dheunamh, air mar do
thuill sé. Tháinic an lá sin faoi dheir¬
eadh ná'r bh'fhéidir leis an g-curadh an
bás a bhí i ndán dó a sheachaint.
Lá amháin, thárla go rabh Gaibhide ó
bhaile, & bhí cúram na ceártchan ar an
ngabha óg, bhí Balor ag gabhail an bheal¬
aigh, & thainic sé 'steach, & bhí fonn mór
cainte air. Thoisigh sé ag deunadh gais¬
ge & mion-chómhrádh leis an ógánach óg
as fomhas is chuir sé Cionnfhaoilidh as a
bealach. ... Chuir sin fearg mhillteach
ar an óglaoch — bí bior mór iarainn ins
an teine aige dh'a dheargadh — rug sé
air & sháith sé asteach i ndroch-shúil Bhal¬
or é, & thuit Rígh na bhFámaire marbh
ar úrlár na ceártchan.
Beannacht Dé le h-anam na marbh.
(Críoch.)
GOILLÍS NA g-COS DUBH.
(Leanta ó dhulthaobh 74, 6adh Uimhir).
"Ní rabh aon t-soitheach a tastáil,"
ar an t-sean bhean, "bhí an soitheach uis¬
go fágtha taobh amuigh de'n teach."
Cad chuige nach bhfuil sí ar a h-ais
roimhe seo?" ar Goillís.
"Mar tá an tobar trí mhíle ó'n áit
seo & tá an bóthar olc," ar an chaill¬
each.
Ghlaodh Goillís arís, "Thug tú d'éith¬
each, chonnairc mé tobar & srothán uisge
ceathramhadh mile ó'n áit seo nuair bhí
mé teacht"
D'fhan an t-sean bhean le leath-mhóim¬
eud in a tost, & in sin d'fhreagair sí,
Ní fheudann duine ar bith an t-uisge
sin ól, tá sé searbh"
"Ní chreidim thú," arsa Goillís, "is
breuga indhiaigh a chéile tá tú ag inns¬
int."
Bhí inghean an Righ sganruighthe go mór
leis an obair a bhí ar aghaidh, & ní rabh
fhios aici creud do bhí ann. Bhí 'n cod¬
ladh in a súílibh fós, & d' fheuch sí mar
do bheodh sí bodhruighthe leis an troid &
an sgreadaoil.
"Cad d'éirigh dhuit in ainm Dé, Ghoil¬
lís, Ó innis dam é," ar sí, "& ná tacht
an bhean bhocht, fág í, ná bain le mnaoi
laig."
Ach cia b'é 'n t-amhrus do bhí ag Goil¬
lís i dtosach ní rabh amhrus ar bith air
anois nach rabh an chailleach ag imirt
feille orra, & d'innis sé 'n t-iomlán i
gcúpla focal do'n mhnaoi óig, & dubhairt
sé go mbudh shí a chomhaire-sean an chail¬
leach do cheangailt le córda ar eagla
go leanfadh sí iad no go ndeunfadh sí
dochar ar bith dhóibh, & an teach fhágbháil
ar an b-puinnte sin.
