82
AN GAODHAL.
"Is agad-sa tá 'n fios is feárr," ar
san bhain-phrionnsa, 'gus deunfaidh mise
rud ar bith a déarfas tú liom."
"Feicim rópa in sin annsan gclúid,"
ar Goillís, "& seachad dam é."
Sheachad sise an róba dhó. Cheangail
sé lámha na caillighe taobh shiar dí ar a
druim, & d'fháisg sé a cosa le chéile, &
leag ar a druim ar an urlár í, riocht
nach dtiocfadh léithe corrughadh, & insin
d'fhágadar an teach 'réis a bpócaidh
líonadh leis an mbeagán aráin duibh a
bhí ann.
Bhí 'n oidhche dorcha, & ní rabh fhios aca
cad é an bealach do b'fheárr dóibh a dhul
ach bhí an oiread sin d'fhaitchíos orra
gur budh chuma leo sin, bhí siad sásta
an teach malluighthe sin d'fhágbháil in a n¬
diaigh, & rinne siad an oiread deifre &
d'fheud siad ins an oidhche, ag briseadh
bóthar dóibh féin ameasg na g-crann &
na sgeach.
Thainic an ghealach amach faoi dheire
go geal, & fuair siad go rabh siad i
réidhteach mhór lán de choilltibh beaga
crann, & de chrannaibh móra ag fás leo
féin, & bhí 'n feur fada & tiugh ann. Ní
rabh fhios aca cad do b'fheárr dóibh a
dheunamh anois, ná 'n bóthar do b'fheárr
dóibh a leanamhuint, & mar sin rinnead
ar cómhairle eatorra féin go mbiodh sé
cho maith dóibh fanamhuint mar bhí siad
go dti an mhaidin, & in sin, b'fhéidir go
dtiocfadh leo cosán buailte, no bóthar
éigin d'fhághail, do bhéarfadh amach iad
go tír a rabh daoine ann, arís.
Dubhairt Goillís go mb'fheárr dóibh a
dhul suas i gcrann air eagla go bhfeic¬
fidhe iad, no go ndeunfadh beitheach no
rud ar bith eile aon anachain no dochar
dóibh dá bhfanfaidís mar bhí siad, & bhí
inghean an Righ réidh le dhul in áit ar bith
budh mhian leisean, mar budh aige-sean
bhí an chomhairle b'fhearr, ó'n lá d'fhág
siad an baile, & bhí sise fóghluim taobh
mhór a thabhairt dhó, & go mór mhór anois
ó chuaidh sí cho fogus sin a bheith caillte
mar gheall ar a h-óinseamhlacht féin an
uair nár éist sí leis, an tráth luigh sí
faoi 'n gcrann in a h-aonar.
Chuaidh siad suas in sin ins an gcrann
budh mhó acu, a rabh a gheugáin in aice
leis an talamh, & chuaidh Goillís ar d¬
tús, & tharraing sé inghean-an-righ in a
dhiaigh. Ní rabh siad bhfad i bhfolach insin
no gur chualaidh siad torann mór ag
teacht, mar dhuine éigin ag briseadh thre
na sgeachaibh & i briseadh na gcipín faoi
n-a chois. Tháinic an rud níos foigse &
níos foigse, & faoi dheire chonncadar
go soiléir gur b'é an fathach do bhí ann,
& bhí inghean na sean-chaillighe ag rith le
n-a thaobh. Chuaidh siad thart go díreach
faoi 'n gcrann, in a rabh an bheirt in a
luidhe, & chualaidh siad é ag rádh le ingh¬
ean na caillighe,
"Budh chóir dúinn bheith in am le breith or¬
ra, ní raca sise as mo láimh arís, is
faide liom ná uair gach móimeud no go
leagfaidh mé mo mheura uirri."
Do chraith an bhean óg nuair chualaidh
sí na focla áibheula sin, & rug sí ar
láimh Ghoillís, & d'fháisg sé í, le taisb¬
eáint dhó an meud buidheachais do bhí ai¬
ci air ar son a chomhairle-sean an both¬
án d'fhágbháil go tráthamhuil. Chuaidh an
fathach & a chomráid ar n-aghaidh rómpa &
bhí siad gan mhoill imthighthe as a radharc.
"Nois," ar Goillís, "nach rabh an t-ágh
orrainn dul suas ins an gcrann?" &
d'fhreagair an mhaighdion,
"Is anamh nach mbidheann an t-ágh ar
an rud a chuireas tusa romhat."
Agus bi luthgháir mhór ar Ghoillís in
sin, mar b'é sin an cheud mholadh a thug
sí ariamh dhó.
Bhí siad eidir dhá chomhaile in sin, fan¬
amhuint ins an áit a rabh siad go dti 'n
mhaidin, no teacht anuas & rith leo an
taobh b'fhaide ó 'n taobh a chuaidh an fa¬
thach. Bhí an oiread faitchís orra go d¬
tiocfeadh sé ar a air an bealach ceud¬
na, gur shaoil siad go mb' fheárr dóibh
a theacht anuas & leanamhuint d'a siúbh¬
al. Rinne siad sin, & níor sguir siad
d'a gcoisigheacht cho fad as bhí 'ionnta
siúbhal, no gur éirigh an ghrian & fuair
siad iad féin ar bhruach na coille móir¬
e.
(Le bheith leanta)
