AN GAODHAL.
85
SLIABH NA m-BAN
Is aoth liom féinidh bualadh an lae úd,
Do dhul ar Ghaodhail bhocht a's na céadta shlad;
Mar tá na méirlidh ag déanadh gáme dínn,
Dá radh nach aon nídh leó pice na sleagh:
Níor tháinic ár major a dtús an lae chugainn.
A's ní rabhamar féin ann a g-cóir ná g-ceart,
Acht mar sheólfuidhe aoidhcaracht bó gan aodhaire,
Ar taobh na gréine do Shliabh na m-Ban!
Mo leun léir ar an dream gan éifeacht,
Nar -an le séirim a's oidhche stad;
Go m-biadh duichidhe Déiseach a's Iarthar Eireann,
Ag triall le chéile ó'n tír i n-deas:
Do bheith ar g-campuidhe déanta le fórsaighe treana,
Biadh comhnadh Dé linn san t-saoghal ar fad,
A's ní dhíolfadh méirleach do mhuintin Néill sinn,
Acht buadhfaidh an sway linn ar Shliabh na m-Ban!
Is é Ros do bhreoidh a's do chlaoidh go deo sinn,
Mar ar fuigeadh mór chuid dínn sínte, lag;
Leanbhaidhe óga na smól ann dóite,
A's an mhéid d'fhan beó dhíobh coir cladhrídh sgairt;
Geallaim fos díbh an te rinn an Fódhla
Go m-biadham a g-cór dó le píce a's sleagh,
A's go g-cuirfeam Gheomen ag mún na m-bróga,
Ag díol a g-comhair leó ar Shliabh na m-Ban!
Is iomdha fear aosda á s crobhaire gléigeal,
O'n am go chéile do gabhadh le seal;
'Na bh-fuil córduige caola ag buaim lúth a n-géagdhal,
A n-domsrun daora go doimhin faoi ghlas
Gárdaige taobh leó na leámhtha sméid orra,
Do dhéanfadh plé dóibh a d-tír tar lear,
Da d-tabhairt saor ó na námhaid gan baodhchus,
A n-am an t saothair ar Shliabh na mBan!
Tá 'n Francach faobhrach 'sa loingeas gléasta
Le crannaibh géara ar muir le seal;
Is é síor sgéala go bh-fuil a d-triall go h-Eire,
A's go g-cuirfidh Gaodhail bhoicht arís na g-ceart:
Dá madh dhóith liom féin go m'fhíor an sgéal sin,
Bheith mo chroidhe chomh h-éadtrom le lon ar nead,
Go m-biadh claoidh ar mhéirlidh san adharc dá séide,
Ar thaobh na gréine do Shliabh na m-Ban!
Ta na cóbáigh ag iarraidh eoluis,
Tá 'n aimsir óg 'san chabhair ag teacht;
An té mheill na gnódhta is é leighisfeas fós iad
A's ní dhíolfam feoirling leo cíos ná sraith,
Píosa cróinneach an chuid is mo de,
Luath ciric bó teaglaigh deas,
Beidh runce ar bóitre a's soillse dhá n-dógh 'guinn,
Beidh meidhir a's mórtas ar Shliabh na m-Ban!
