(33)
12Mhadh Rol. Uimh 9.
BEALTÁINE.
1898
GOILLÍS NA g-COS DUBH.
(Leanta ó dhulthaobh 82, 8adh Uimhir).
Cúpla míle eile ⁊ bhí siad amuigh ins
na machairibh féir arís, agus chonnairc
siad tighthe, ach níor chreid siad go rabh
siad go ceart sábháilte no gur fhágad-
ar an choill mhór dhubh mílte ⁊ mílte ar
a g-cúl.
Tháinic siad go teach-ósta faoi dheire
⁊ chaith siad an lá in sin, ag ite ⁊ ag ól
⁊ leigint a sgithe, 'rés an dainseur in
a rabh siad, leis na trí laethibh a chuaidh
thart,
D'innis fear an tighe dhóibh go rabh an
fathach a bhí ins an g-coill an-mhillteach, ⁊
gur mharbhuigh sé timchioll ceud duine
gach bliadhain, ⁊ nach ndeachaidh fear no
bean uaidh i riamh d'a rug sé air go d
ti sin. D'fhiafruigh siad de, cad é n
t-ainm a bhí air, ⁊ dubhairt seisean gur
b'iomdha an t-ainm a bhí air gur ghlaodh
an daoine 'n taobh seo de 'n gcoill an
t-Itheadóir" air, ⁊ gur ghlaodh na daoi-
ne an taobh eile de 'n gcoill an "Fean-
adóir air.
Dubhairt sé chor leis sin gur chaith sé
a lá ⁊ a oidhche ag dul thart ins an g-
coill ag cuartughadh ar thóir daoine do
théidheadh ar seachrán, ach go rabh sé fa
gheasaibh gan teacht amach as go brách.
Dubhairt sé mar an gceudna go rabh
spíodóiridh aige, sean-chailleach, ⁊ a h-n-
ghean, do bhí in a gcomhnuidhe i m-bothan
bheag ar bhruach na coille, ⁊ gur mheall
siadsan an meud do thiocfadh anaice
leo, go gcuirfeadh siad fios ar an bh-
fathach ⁊ go dtiocfadh sé ⁊ go marbhfadh
