sé na daoine bochta do ghlacfadh
lóistín ins an mbothán sín.
Nuair chualaidh an inghean óg sin níor
fheud sí gan creatha arís ar chuimhniugh¬
adh dhí cho fogus do 'n bhás & do bhí sí, &
dhearc sí go carthanach & go buidheach ar
Ghoillís do shábháil í.
Níor fheud sí dhul níos faide le tam¬
all beag, & chaith siad trí lá san dteach
ósta sin, go croidheamhuil, compórtamh¬
uil, acht bhí a g-cuid airgid ag éirighe
gann & bhí faitchíos orra fanamhuint cho
fada & budh mhaith leis an mnaoi óig.
B'éigin dóibh siúbhal arís & d'fhágad¬
ar an ball sin le croidhe buadhartha,
brónach, ach ní rabh aon neart no árach
aca air.
Shiúbhal siad sé no seacht de laethibh
'réis a chéile gan sgígh gan stad rómpa
& shaoil siad go rabh siad ag tarraing
anaice leis an bhFrainc. Bhí 'n tír ann
a d-táinig siad anois fiadháin & cnoc¬
ach. Ní rabh aon rud eile aca le feic¬
sint ach clocha móra, carraige, & crea¬
ga árda, lochaibh uisge dubha ó áit go h¬
áit ann a measg, & bhí an bóthar
an-chúmhang & caol, & é ag dul suas ua¬
raibh ar bhárr sléibhe, & bhidheadh gleann
mór, domhain le n-a thaobh & an bóthar
geárrtha as an gcarraig duibh, & dá d-
tiuitfeadh duine (rud budh cosamhuil go
leor muna mbeidheadh sé ar a choimeud)
gheabhfadh sé leagadh míle troigh síos go
mbrúighfidhe i ngiotaibh é ar na clochaibh
geura, garbha do bhí ins an ngleann.
Ní gan eagla do shiúbhal an bhean óg
thar na bóithribh dainseura so, & bhí fait¬
chíos uirri dearcadh síos ar an doimh¬
neacht do bhí fúithi, ach do thug Goillís a
a láimh di, & thug sé croidhe & meisneach
dí.
Ní rabh mórán tightheadh le feicsint ins
na h-áiteachaibh seo, & ní rabh aon dúil
no spéis ag Goillís no ag an mbean-
phrionnsa ins na daoinibh do bhí 'nna g-
comhnuidhe ionnta, agus uile áit a ghlac
siad lóisdín, no uile theach ann a ndea¬
chaidh siad asteach chualaidh siad sgeula
áidhbheula ar robálaidhibh & ar ghaduidhibh
do rinne 'n fhuil a bhí i gcuisleannaibh na
mna óige fuar le faitchíos,
Budh mhinic a dubhairt sí le Goillís go
mbudh fheárr léithe na leath a ríoghachta
bheith slán sábhailte as an tír ghránna
sin, & go deimhin bhí 'n bharamhail cheud¬
na ag Goillís.
Rinne siad a ndithchioll le teacht saor,
mar níor shiúbhal siad ariamh ach do lá,
& thug siad aire mhaith nach mbeidheadh
siad ar an mbóthar tar éis luidhe na
gréine, & níor ghlac siad lóisdín i d-
teach ar bith nár chualaidh siad tuaraisg
mhaith air ó na daoinibh.
Mar sin chuaidh siad ar a n-aghaidh go
cúramach, & shaoil siad nach mbainfeadh
dochar ar bith dhóibh go dtiucfaidis go
tír budh nádúrdha, ach bhí siad meallta
in aindeion a n-aire & g-cúraim.
Bhí siad ag dul ar an mbóthar cúmh¬
ang aon lá amháin agus bhí 'n áit níos
fiadhaine ná riamh, eidir dhá shliabh, agus
dubhairt h-uile dhuine air ar chuir siad
ceist ó mhaidin nach rabh aca ach aisdir
lae le siúbhal go mbéidhdís amuigh arís
ins an réidhteach, agus nach rabh ach slighe
bheag le dul in sin no go mbeidhdís ins
an bhFrainc, agus bhí siad ag deunadh
luthgháire le chéile, ag rádh nach fada a¬
nois go mbeidheadh an torus trioblóid¬
each sin críochnuighthe aca faoi dheire.
Bhí siad mar sin go greannamhuil gan
brón ná ceo orra, agus bhí 'n meadhon-
lae go díreach ann, nuair chonncadar
duine bocht crom ag deunadh orra, &
mála ar a dhruim. Chuir siad cheist ar
an tsean-fhear mar bhí siad ag cur ar
gach duine eile do casfaidhe leo,
"Ca fhad bhí sé go mbeidheadh siad in
san bhFrainc," agus leig seisean air go
rabh iongantas air, nuair chualaidh sé
go rabhadar ag triall chum an Fhrainc.
"Ní chum na Fraince atá sibh ag dul
ar an mbóthar so," ar sé, "tabharfaidh
an bóthar so go h-oileán na bhfathach sibh
agus is olc an áit do dhuine ar bith é
sin, muna bhfuil duine muinnireach aige
'nna measg."
Bhí sgannradh orra nuair chualaidh
siad sin, & dubhairt siad leis gur chual¬
aidh siad ó na daoinibh dár fhiafruidh
siad an t eolas gur b'é sin an bealach
budh foigse.
