AN GAODHAL.
87
"Cá fhaid ó d'fhiafruidh sibh sin d'aon
duine?" arsa fear da déirce.
"Faoi thuairim dhá uair ó shoin" ar
Goillís.
"O! is furas a thuigsint go ndeachadh
sibh ar seachrán, mar sin," ars an sean
fhear, "bí sibh ins an mbóthar díreach ar
maidin, ach níor thug sibh faoi ndeara
an áit a mbuailtear an bóthar chum an
Fhrainc thar an mbóthar eile seo, a bheu¬
radh chum tír na bhfathach sibh ; má iompó¬
chaidh sibh liom-sa 'nois, cuirfidh mé ar
an gcasán ceart sibh, mar tá mé dul
do 'n Fhrainc, & ní'l ach aisdir leathuair¬
e ar ais arís go mbéidh sibh ar an mbó¬
tar sin."
Chreid iad-san é, & d'ionntaidh siad
ar ais arís leis, & 'réis siúbhal ar
feadh leath-uaire no mar sin, tháinic
siad go deimhin go h-áit in a rabh cos¬
án, no bóithrin beag ag teacht amach as
an mbóthar mór, agus a dul asteach a
'measg na gcnoc.
Sheas Goillís suas, & dubhairt sé,
"Ní fheuchann sé sin cosamhuil leis
an mbóthar do bheidheadh a dul do 'n
Fhrainc, tá sé ro bheag & ro chúmhang, &
ní'l aon chosamhlacht siúbail air."
Rinne 'n seanduine gáire, "O"! ar
seisean, "dá bhfeictheá 'n bóithrín seo
dhá fhichead bliadhain ó shoin, nuair a bhí
mise am' ógánach, deurthá nach rabh ann
ach cosán coinínidh, ach rinne siad suas
go déighionach é. Is doiligh bóthar maith
do dheunadh ins an tír seo, agus ní
bheidheadh an bóthar ar a rabh tusa ag
imtheacht anois, leath cho maith no cho lea¬
than a's tá sé, go ndeárna na Fathaigh
iad féin é. Tá ann iomarca carraig
in seo le bóthar ceart a dheunadh, acht
míle ó 'n áit seo béidh sé leathnughadh a¬
rís, agus béidh sé 'nna bhóthar breágh sul
tá síbh cúig mhíle imthighthe."
"Ní'l fios agam," ar Goillís, "tá
amhras orm; measaim gur feárr dúinn
fanamhuint no go bhfeicfimid duine éi¬
gin eile, tá 'n lá óg fós, agus má fhan¬
famuid ní féidir nach dtiucfaidh duine
eicínt eile an bealach."
"Cad é 'n t-amhrus atá ort?" ar an
óig-bhean, "cad é 'n fáth do bheidheadh ag
an seanduine seo breug d' innsint
duit? nach dtig linn do dhul ar aghaidh
le leath-mhíle go bhfeicfimid bhfuil an bó¬
thar ag leathughadh, mar deir sé, agus
muna bhfuil, tig linn theacht ar ais."
"Deunfamuid sin," ar Goillís, "acht
go deimhin tá amhrus orm i gcomhnuidhe,
agus do b'fheárr liom fanamhuint.
Chuaidh siad ar aghaidh le ceathramhadh
míle ach ní rabh an bóithrín ag éirighe
níos leithne, agus ní rabh Goillís suaimh¬
neach inn a chroidhe féin. Bhí an sean-
fhear ag siúbhal cúig no sé slata amach
rómpa, nuair a leig sé fead geur go
h-obann, agus hui! léim deich bhfear no
dhá fhear deug, amach ó chúl na mballa
ar an dá thaobh de 'n bhóthar, agus sul
d'fheud Goillís a sgian do tharraing no
buille do bhualadh, leagadh síos, agus
ceangladh go chruaidh caol le córdaibh é.
Cheangail siad lámha na mná óige ar a
druim, chor leis, & in sin rug beirt acu
ar lámhaibh Ghoillís & beirt eile ar a chos¬
aibh & d'iomchair siad leo é, & b'éigin
do 'n mhnaoi óig a leanamhuint. Bhris
sí 'mach ag caoineadh & ag mallughadh, a
h-amadánachta féin, nár fhan sí, ar an
mbóthar mór mar chomhairligh Goillis dhi,
ach ní rabh aon mhaith dhi ann; thiomáin
siad ar aghaidh í, & b'éigin dí siúbhal.
D'fhág siad an bóithrín & chuaidh siad
trasna na bpáirc, & lár cloch & carraig
& tom, go dtáinic siad faoi dheire go
gleann doimhin dubh, agus ag ceann an
ghleanna sin bhí sliabh árd ag éirighe
suas, & bhí taobh an tsléibhe 'nna aon
charraig amháin, & d'éirigh sé cho díreach
beagnach le balla tighe, & bhí sgoilt beag
no poll in a thaobh cho mór sin a's go
leigfeadh sé caora asteach 's amach go
réidh, no fear dá rachfadh sé síos ar a
dhá láimh, & budh ins an bpoll sin do sháith
siad Goillís bocht rómpa, & chuaidh siad
féin a smeurthacht in a dhiaigh, & b'éigin
d'inghín an Righ an rud ceudna dheunadh.
Chuaid siad mar sin le cúig nó sé de
shlataibh, & bhí 'n poll ag leathnughadh í g-
comhnuidhe, no go rabh sé cho h-árd sin
faoi dheire go dtiucfadh leo seasadh
suas. Tháinic in sin go geata iarainn
