90
AN GAODHAL.
AN T-EUG.
Sgríobhtha le Donnchadh Mhór O'Dála Seacht gceud
Bliadhan ó shoin.
Breitheamh ceart comhthrom an t-Eug,
Ni ghabhann le truen no le truagh;
Ní ghabhann airgiod no ór,
Agus ní théigh óg no ársaidh uaidh.
Ní daingean oidhche ar no lá,
Ní daingean trá ar an Eug,
Ní ghabhann cómhrac leis no cath;
Ní ghabhann sé ba no treud.
Ar an m-bás mar thuigthear linn,
Ní daingean cill no tuath.
Ní daingean caisleán ar no múr,
No go g-curthar thú 'san uaigh.
Ní bhfuil luadaracht no lúth,
Do bhéarfas thú thar do thrá;
Feuch nár chúmhduigh neart a chuirp
Samson, an draoi Manannan;
Agus Conraoi; an bhfeicear daoibh gur lar,
A chleasa golla go léir.
Níor chúmhduigh é ar an m-bás,
Cuchuillin Eamhna na n-each.
Nár leigeadh uaidh neach slán,
Solamh, Mac Daibhi, geur, glic;
Is deimhin, a mhic, gur fíor,
Ins an uaigh atá go docht.
Do chuireadh a chorp fá dhíon —
Firinne seo gidh gur searbh —
Ní sine nár dhearbh an dáil,
Is ionann agus eug dar linn.
Bheith i léine luim an bháis —
O nach dam ó 'n eug dul,
M'anam fo chead a's fo dhéidh,
Do bheirim do Righ na ngrás,
Go dtigidh an Bás dom' bhreith.
Bourke's Easy
Lessons, p. 345.
This poem is an excellent sermon, but why not, co¬
ming from the old Abbot of Boyle. There was no Eng¬
lish language when the poem was written.
