96
AN GAODHAL
ABHA NA BLÁRNAN.
(Ó Imtheachta an Oireachtais)
Maidin aoibhinn aorach
Ar uair na maidne am' aonar,
Ar bhinsín ghlas an ghaortha,
Ba néamhrach snód;
Cois abhann na Blárnan séimhe
Mar' mbíodh báid 's coite maola,
Do bhí flúirse de na h-éisg ann
'S an eala gheall ar snámh;
I lúibh na coille craobhaighe,
Gan luasga ó 'n ngaoith ar aon rud,
Bhíodh lonnramh soillse Pheobus
Ag téarnamh ar neoin;
Bíonn mil 's cíor le chéile
Ag meacha' ag teacht go tréanmhar,
's gach meas d'a mhilse ar gheugaibh
'Na shloadaibh go feor.
Bíonn an fhuinseog gheal ag teacht ann,
An bheith, an dhair, 's déil ann;
An cuileann garbh craorach
'S a chaor mar an rós;
Bíd ag teacht ó phréim ann
Ó bhun go bhárr le chéile,
Gan chor gan cham gan éislinn
Acht do-ghéantadh an chrann seoil.
Bíonn an fhiadh 's an eilit mhaol ann,
'San ling aco go tréanmhar,
An míol buidhe, an broc 's a chaol-chneas
Go laetheamhuil chum spóirt:
Bíonn an long ag teacht ó 'n treunmhuir,
'S píolóití d'a h-aoghaireacht,
An rí 's a bhuidhean le chéile
Ag deunadh aer ar a bhórd.
Bíonn an lon, an druid, 'san chéirseach,
Is smólaigh bhreaca taobh leis,
An chuach bhuidhe shuas ar chraoibh ghlais,
Is na h-eunlaigh na gcómhair,
Bíonn an phiachóg 's an pídheadh ann,
An colúr agus an naosgach,
An traghna ag labhairt 'san ngaortha
'S gan traocha ar a ghlór.
Bíonn an fiolar ar bhárr geug ann,
Is fiacha mara taobh leis.
'S gach eun eile d'a mb'fhéidir
Le neach léigheamh ar a shórt:
'S gur binne a dtiuin le chéile
