AN GAODHAL
97
Ná ceolta cruite Orphéus,
'S ná an bárd fuair Conn na gcéad gcath
Ar Bhinn Éadair um neoin.
Le aoibhneas chaoin na gcaortha,
'S le ceoltaibh binn' na n-eun-so,
Do luigheas chum suain do dheunamh
Cho déigheanach úd 'san bhfeor.
Is gearr an mhoill 'na dhéidh sin,
Gur chuala an guth ag téarnamh
Ar bhruach na toinne taobh liom
Go leunmhar faoi bhrón.
Ar éirghe suas trem' neul dam,
Do smaoineas nár bhean shaoghalta í
Bhí ag caoi go buan 'na h-aonar
Ar an bhfeur ghlas rómham.
"An tusa an mhaighdean bheusach
Clíodhna ó'n gcarraig léith theas,
Tá ag caoi na díse laoch mear,
D'fhág Éire go deo?"
Is ciuin tais banamhuil béasach
Do labhair mo mhaoin liom féinig,
"Ní aenneach díobh-san mé-se
Dár léighis ortha fós;
Acht cúil fhionn do thug sprae seal,
Tar lear i bh-fhad óm' ghaoltaibh,
'S mo shliocht ag búir' an Bhéarla,
D'a dtraochadh neamh chóir:
Beidh fálta teinnte craorac
Ar gach áit 'na dtimcheall déanta,
D'a n-áireamh síos i n-éinfheacht
Ar ghéar-mhuir d'a ndóghadh:
Ná rabh fáinaidhe dhíobh ná daorfar,
A mbádhadh 'san toinn i n-éinfheacht,
'S aon-chur sgeimhleadh an lae úd
Go mbeiridh ortha beo."
Féach
"Cois leasa
dom go h-uaibhreach
Vol. III.
No. 8
367.
+
Vol XI - 130.
NA DEORA 'GUS an SMIGEADHA — Fonn Eibhlín a Rúin
Éire tá deora 'gus smígeadha do shúl
Mar an bógha-uisge cumthar as measga na ndul,
Lonnrach thré cháise deor.
Brónach lár sians go leor
Tá do ghrianta fá dúbhan mór
Aig éirighe gach lá.
Éirinn, tiormóchar do chiúin-deor go deo;
Éirinn, ní buan bheidheas do lag-gháire beo:
Go rabh gach dath fa réir,
An aoinfheacht le cur go léir,
'S aig déanadh mar thuagh na spéir'
Bógha síothcháin gach tráth.
