(34)
12Mhadh Rol. Uimh. 10.
ÓGMHÍOS,
1898
GOILLÍS NA g-COS DUBH.
(Leanta)
amach, ⁊ d'fhosgail sé 'n dorus léithe, ⁊
gach sgread leig an dorus iarainn dh'a
fhosgailt thuit sé 'r chroidhe Ghoillís mar
thonna cloch. Chuaidh siad uile asteach
⁊ tharraing siad Goillís ⁊ an bhean óg
asteach leo ⁊ sgaoil siad iad.
Sheas Goillís ar a chosaibh arís, agus
dhearc sé 'na thimchioll, ⁊ budh leur dó'r
an mball gur an áit chómhnuidhe robál-
aidhe a bhí sé. Thug sé faoi ndeara ór
⁊ airgiod, síoda ⁊ sról, plátaidh luach-
mhara, clocha uaisle, agus mórán ruda
breágha eile cruinnighthe le chéile no caith
te ar an urlár ⁊ bhí fhios aige go rabh-
siad uile goidte leis na robálaidhe.
Nuair chonnairc an Caiptín é dearc-
adh 'na thimchioll, bhuail sé dorn air agus
dubhairt sé, "An measann tú nach go
macánta thainic na ruda sin in seo?
Má creideann tú ní'l tú ceart. Chrui-
nnigh mé féin ⁊ mo chomrádaidh iad, ⁊
troigh ar an uaigh seo ní rachfaidh tusa
nó 'n bhean seo a tá leat go n-íocaidh
tú síos míle punt liom. Má ghnidh tú
sin sgaoilfidh mé thusa, ach dar mo láimh
measaim go ndeunfaidh mé bean dam
féin ded' mhnaoi-se."
Bhí sé caint sós nuair thainic duine
ag rith, agus ghlaodh sé ar an g-caiptín.
Chuaidh an caiptín anonn chuige, ⁊ chog-
air an fear rud éigin inn a chluas.
Leig an caiptín fead, ⁊ chruinnigh sé a
fhir iinn a thimchioll ⁊ bhí sé dul amach as
an uaigh, nuair d'ionntaigh sé go h-ob-
ann, ⁊ dubhairt sé, "Bí mé ag deunamh
