98
AN GAODHAL.
dearmuid, caithfimíd an bheirt seo do
cheangal go maith i dtosach ar eagla go
n-imtheochadh siad."
Ar an móimeud leag siad Goillís a-
rís & cheangail siad a lámha & a chosa
go dlúth le chéile, & rinne siad an rud
ceudna leis an óg-mhnaoi. D'fhág siad
an uaigh in sin.
D'fhan Goillís & inghean an righ 'nna
luidhe ar an talamh, ceangailte go caol
cruaidh & níor fheud siad corrughadh.
Thosuigh sise ag gol, & do rinne seisean
dhithchioll le n-a spreagadh suas & meis¬
neach do chur innti, ach ní rabh aon mhaith
dhó ann, & lean sí d'a clamhsán.
Rinne sé a dhithchioll féin le seasamh
suas & faoi dheire rinne sé sin le cong¬
namh na h-óg-mhná, ach níor fheud sise
seasamh ar aon chor.
Chuir sé dhruim in aghaidh an bhalla, &
thoisigh sé ag smuaineadh creud do budh
chóir dó dheunadh 'san g-cruadh-chás in a
rabh sé. Ní rabh sé bh-fad ar an gcuma
sin gur chualaidh sé torann taobh leis,
mar do bheidheadh rud éigin ag sgríopa.
Dhearc sé 'na thimchioll, & thug sé faoi
ndeara péire luchóg mhór do bhí ag deun¬
adh a ndithchill le dul cho fada le pláta
ime do bhí leagtha ar chlár-chloiche ins an
mballa, agus bhí siad ag strapaireacht
suas & ag tuitim ar ais arís, mar do
bhí an balla ro-dhíreach & ro-shleamhain.
"Chreud ar a bhfuil tú dearcadh?" ar
san óig bhean.
"Dearcadh ar dhá luchóg," arsa Goill¬
ís.
"Cad tá siad ag deunamh?" ar sí
"Ag iarruidh theacht cho fada leis an
im sin atá ar an gclár cloiche ins an
mballa," ar sé.
"Ionntuigh mo cheann," ar sise, "go bh-
feicfidh mé iad, ní thig liom fhéin corr¬
ughadh."
Chuir sé síos a dhá láimh do bhí ceang¬
ailte le chéile & chorruigh sé a ceann leo
gur iontuigh sé í cho maith a's d'fheud sé
& chonnairc sí na luchóga ag obair.
"Tá níos mó ná dó ann," ar sí, "tá
mórán acu ar an urlár & tá siad fan¬
amhuint go bhfeicfidh siad cad é an chaoi
n-éireochaidh 'n obair leis an dá cheann
sin atá strapaireacht suas. Bh-fuil fios
agad creud thainic in mo cheann anois
nuair dubhairt tú liom go rabh na luch¬
óga ann, ag iarruidh an ime."
"Ni'l fhios," ar Goillis.
"Shaoil mé," ar sí, dá gcuirtheá im
ar an gcórda ata ceangailt do lámha
& iad a shíneadh amach go socair, go d-
tiucfadh na luchóga & go mbeidheadh siad
ag cogaint an chórda & ag ithe an ime
no go ngeárrfaidís an tsrang fa dhei¬
re. An dtig leat an th-im chuimilt leis
an gcórda?"
"Feuchfaidh mé leis," ar sa Goillís, &
chuaidh sé strapaireacht anonn do 'n im
cho maith 's d'fheud sé, & chuir sé a dhá
láimh suas, & chuimil sé 'n córda leis an
im no go rabh sé bealuighthe go maith, &
in sin chrom sé síos & shín sé a dhá láim
amach uaidh ar an urlár & d'fhan sé go
socair gan oiread & cor do chur as.
Ní fada d'fhan sé ann go bhfuair na
luchóga boladh an ime, & thainic siad ó
gach corneul & clúid le feicsint cia 'r
b' as do bhí 'n boladh ag teacht. Chuaidh
siad suas chuige go mall & iad sgann¬
ruighthe i dtosach, ach nuair fuair siad
nach rabh sé ag cur aon cor as féin d'
éirigh siad dána & sheas cheann, acu ar
a láimh & thosaigh sé ag ligheamh an ime
Nuair a chonnairc na cinn eile sin,
thainic siadsan suas le chéile & thoisigh
siad ag ligheamh & ag ithe & ag cogaint
go rabh croiceann a dhá láimh stráchtha
leo, mar bhí 'n t-im ar a chroiceann chomh
maith a's ar an t-srang.
Nuair bhí 'n t-im go h-uile ithte o'n g-
córda d'éirigh sé agus rinne sé an rud
ceudna ar an nuadh, & budh in sin bhí 'n
obair & an chuimhlint ameasg na luchóg,
nuair shín sé amach a lámha an dár h-
uair. Rith siad & throid siad & thuit
siad ar a chéile ag iarruidh an t-im fhá¬
ghail. Reub siad an córda & reub siad
a lámha leis, ach do bhí 'n oiread sin de
an chórda ithte ace faoi dheire go ndeár¬
nadh sé iarracht láidir le n-a bhriseadh, &
bhris sé é. Chuir sé gáir luthgháire as, &
nuair fuair sé a dhá láimh saor, chrom
sé & sgaoil sé a chósa, & chuaidh sé nonn
do 'n óg-mhnaoi, agus rinne sé 'n rud
ceudna léithe.
Sheas siad suas le chéile & léim siad
