AN GAODHAL
99
leis an meud luthgháire bhí ortha. Dhearc
siad 'na dtimchioll ar an uaigh, & fuair
siad go rabh sí deunta 'san gcarraig
chruaidh & go rabh an áit 'na áit-taisge
le congbháil an t-saidhbhris do gheabhfadh
na robálaidh ó am go h-am.
Ní rabh aon rud breágh nó saidhbhir d'a
bhfacaidh súil duine 'riamh nach rabh cruin¬
nighthe insin, ag fanamhuint no go bhfuigh¬
eadh na robálaidhe uain le n-a ndíol.
Bhí 'n bheirt ag gabhail thart timchioll, &
ag dearcadh ar gach h uile rud do bhí le
feicsint, nuair chualaidh siad coiscéim,
duine, & guth duine ag feadaoil teacht
anaice leo.
Caith thú féin síos ar chúl an rolla
mór síoda sin," ar Goillís, "& b'fhéidir
nach bhfeicfear thú."
Luidh siad síos le chéile ar chúl an t-
síoda, i riocht go rabh siad foluighthe go
maith, & d' fhan siad le feicsint creud
do thárlóchadh leo.
Níor fhan siad a bhfad nuair d'fhos¬
gail fear mór láidir an dorus iarainn
le eochair, agus thainic sé asteach. Chuaidh
sé anonn go barraille do bhí 'san gcúin¬
ne, agus tharraing sé deoch dhó féin as.
Bhí am ag Goillís le brethnugh' air, nuair
bhí sé ag ól na dighe, & connairc nach rabh
an fear ameasg na ndaoine eile nuair
leag siad agus nuair cheangail siad é.
Chonnairc sé nach rabh aon t-slighe eile
aige ach a leagan síos agus an eochair
do bhaint de, agus dhearc sé 'na thimchioil
ag iarraidh airm éigin, ach ní bhfuair sé
aon rud ach barra láidir airgid do bhí
curtha dtaisge 'measg mórán rud luach¬
mhar eile. Thóig sé e sin in a lámha agus
chuaidh sé go socair, sáimh anonn do 'n
fhear bhí 'g ól, & a cheann crom ar an digh
& thug sé buille dhó do sgoiltfeadh ceann
tairbh. Thuit an robálaidhe cosamhuil le
duine marbh, gan focal, gan osna, agus
leim Goillís air, & ghlac sé an eochair do
bí in a phóca & cuir sé in phóca féin í.
"Tar leat, tar leat, deun deifir,'
ar sé le inghin an Rígh, "agus fágamuid
an áit seo.'
"Nár chóir duit," ar sise, "do phóca
líonadh leis an ór sin i dtosach."
Ní'l am agam," ar seisean, "ach béar¬
famuid beagán de linn."
Líon sé a phóca le ór & le cloca luach¬
mhara, líon an óigbhean a n-aprún agus
d'imthigh siad amach le chéile, & chuir seis¬
sean an glas ar an dorus mar bhí sé,
& ruith siad leo cho luath as d'fheud siad
Bhí 'n oidhche ag tuitim 'san am so, &
bhí na speurtha ag dorchughadh & ní rabh 's
acu cad é 'n bealach budh chóir dóibh do
thabhairt, ach budh chuma leo sin dá bhfeud¬
faidís an uaigh áidhbhéil sin fhágbháil 'nna
ndiaigh.
Ruith siad & ruith siad no go rabh
siad sárruighthe, agus 'réis do bheith a
siúbhal ar feadh trí no ceathair de uair¬
aibh chualaidh gutha daoineadh & do luidh
siad síos ins an bhfeur, ar eagla go bh-
feicfidhe iad.
Ní rabh aon tsolas ann, ach an meudh
do bhí as na reultaibh, ach chonnairc siad
scáile seacht bhfear dul trasna 'n mhach¬
aire, & d'aithnigh siad glór an chaiptín go
maith & bhí sé ag rádh,
"Beidh siad socair nuair thiucfamuid
a bhaile & muna bhfuilid bheurfamaoid an
bata dhóibh; ach damnughadh uaim! ach go
ndeunfadh mé bean dam féin de 'n chail¬
ín.
Thainic crith ar an óg-mhnaoi nuair a
chualaidh siad an bitheamhnach ag labhairt,
& b'éigin do Goillís a lámh a chur ar a
beul ar eagla go leigfeadh sí sgread
no glór aisti. D'fhann siad 'na luidhe
san bhfeur go rabh na fir uile imthighthe
thart, & in sin d'éirigh siad, & dubhairt
Goillís.
"Tá siadsan dul abhaile do 'n uaigh
& má théidhmíd ar ar n-aghaidh ins an m-
bóthar as a dtainic siadsan, béidhmíd a
fágbháil an áit ghránna so in ar ndiaigh"
Dubhairt an bhean óg gur bh'fhíor dó é
& chuaidh siad ar a n-aghaidh san mbóthar
sin & lean siad d'a siúbhal ar feadh na
h-oidhche, agus nuair d'éirigh an lá dubh¬
airt Goillís go rabhadar cúig míle deug
no fiche míle ó 'n áit in a rabh na rob¬
álaidhe.
Nuair d'éirigh an ghrian, dhearc siad
(Le bheith leanta)
