100
AN GAODHAL
Captain Norris on our deceased Irish scholars. The gallant Captain's
continued indisposition is a serious loss to the Gaelic movement here.
A Dhia, tabhair foirighthin air mo chroidhe;
Táim claoidhte aig an saoghal :
Tá pian gan faosamh ann mo chlí,
'S ní'l innsint air mo sgeul, —
Mar tá mo thír bhochd fós 'nna luidhe,
'S mo thorc chó dubh le daol.
Budh mhór mo dhóthchus seal ó shoin,
Go mbeitheadh ar d-teanga féin,
D'a labhairt arís go binn aguinn,
A n-Éirinn glas na bh-Fian;
Mar bhí fad ó, a n-gáir 'sa n-gleó,
Gan bac, gan cosg, gan srian.
Do bhí sí teacht air aghaidh go beachd,
Aimeasg na saoi 's na g-cliar;
A's áthas ceart, í bheith gan smachd,
Faoi mheas, orruinn go léir, —
Go dtainig diachair a's míodhágh,
Do ghoirtigh sinn, faraor!
A bháis! a bháis! do shlad na treoin,
O thúis an domhain go n-diu, —
Do thigeas chúgainn go moch, air neoin,
'San oidhche dhiamhar, dhubh, —
Ná creach sinn fós as aon d'ar n-duas
Tá 'cur na Gaodhailge a g-cruth.
Do rinnis orrainn feall ró mhór, —
'Nuair thógais uainn air d-túis,
Ar n-ollamh léigheanta, ciallmhar, cóir,
MacCliabhair, gan aon chúis ;—
Cad rinn ar n-Gaodhailge naomhtha ort?
O, cá bh-fuil do choghudhas?
Do bhuailis buille eile, trom,
Orrainn annsan, mo leun! —
Do chuiris dólás croidhe orm —
Mar shladais leat, mar aon,
Ar n-oide breágh, Seághan Pléimion,
Anns an n-Gaodhailge do bhí treun.
'Nuair thig an sgeula doilbh chúgam,
Go raibh Seághan Pléimion fuar,
Do bhíodhsa féin go fann, gan luaim,
'S gan fios agam an uair, —
