AN GAODHAL
101
Go mbeidhinnse 'g dreogh gan suim i ngnó
'S mo chorp 'nna luidhe 'san úir.
Nuair thainic tásc a bháis a leith, —
Dá m-beidhinnse suas 'am shúidhe;
'S mo shláinte mar bu cheart di bheith,
Do chaoinfinn é ó'm chroidhe ;—
An Gaodhailgeoir ceart, mo chúmha 'san
[bhfeart
Cá bh-fágham a mhacsamhail choidh' ?
Míodhágh gan greann 'ad cheann, a bháis,
Ná stadann air do shlighe,
A's suaimhneas beag do thabhairt dúinn
[spás;
'Nois fágann tú gan bhrígh,
An te sgríbh dúinn sgeluidheacht na Mú¬
[mhan,
O'Laodhaire, síol na ríogh.
Ní bh-fuil tú sásta, a bháis, le sgrios,
A n-Éirinn air na Gaodhail,
Achd leanann tú, mar Shagsa, ar sliocht
Le nimh, air fuaid an t-saoghail; —
Bu mhaith an sgeul dá m-beidhthása
A's ise aig an n-diabhal.
Do rugais leat, — chreach a rádh! —
Ar n-groidhe fhear áluinn séimh; —
An t-ollamh fial, an Gaodhailgeoir breágh,
Ar laoch, Dáibhí O'Caoimh; —
Ní fheicfimíd a shamhuilt go bráth,
'S ní fheacamair airiamh.
Is deacair dúinn bheith samh anois:
O tá ar n-dólás daor,
Do leag an bás ar laocha shoir,
'S do lean sé sinne shiar :—
Bu ceart go m-beidheadh a sháith aige
Thar sgiob sé leis Maignéar.
Tá Maignéar bochd air Neamh anois,
Air láimh aig Righ na n-grás :—
An te riaghlóchaidh a bheatha a m-bith,
Ní bh-fághaidh anam bás —
Do réir mar deir an t-Aon Mhac linn,
Fuair peanaid anns an Pháis.
A Thighearna Dhia, bí páirteach linn :
Tabhair cobhair dúinn ann gach beart,
Do réir do thola naomhtha grinn,
'S ná leig an Gaodhailge thart,
Gan fuasgailt ó námhadaibh síor'
A's déan a teagasg ceart.
Tomás D. de Norradh.
