102
AN GAODHAL.
AIG TÚS AR g-CAIDREADH.
Fonn — a Phadtruic teith uaim.
Aig tús ar gcaidreadh 's tú óg-bhláth
Bhídhis cho fial a n-gealltaibh,
Ar chosamhuil dóibh bheith fíór gan scáth,
Nár smuaineas do bheith meallta.
'N éis tú bheith athruighthe, d'fhan síor-bheo,
Mo mhuinighin asad gan faonadh,
Dá bh-feallfadh air an t-saoghal go deo
Uaim féin nach n-déanfá claonadh;
Acht imthigh leat, fhir chaim na m-breug,
Is cóir an croidhe bheith briste,
Do chuirfeadh dóigh arís go h-eug
A g-cluainaire cho cliste-
Trá bhí gach beul aig luadh do bhaois,
B' olc liom an sgeul dubh gráineamhuil,
Nó thargair mé go sgeithfeadh aois,
Glóir, as an óige cháineamhuil,
Duit bhí seasmhach, buan mo ghrádh,
'Nuair bhí do cháirde glonnmhar,
'S do chroidhe tá le do chluain' chrádh
A fhuil dhóirtfeadh dhuit go fonnmhar
Acht imthigh leat, fhir chluanaigh, chaim,
'S ó 'n t-séis a bh-fuilir báithte,
Aig dúsacht, tuitfir anns an am
Geur amhgar croidhthe, cráidhte.
Ní feicfear leus na h-aois' sa trá
Bh-fuil aig bláth na h-óige tréigthe,
Theith an dream, aig a rabh ort grádh,
'S tá ort gráin ó lucht do bhreugadh.
Measg tráill, tá fleadh antráthach na h-oidhche
'Ga roinn gach téagar saoitheamhuil,
'S mar leus air uaimh, bh-fuil bás ann faoi,
Tá 'smige fuar neamh-chroidheamhuil,
Imthigh : 's dá m-beidheadh air do láimh
Ór a's táinte 'n domhain,
Ní thiúbhrainn deor de ghol ghlan sháimh,
Air do shaibhreas olc, mar róghain.
'S b' fhéidir go d-tiocfadh, ''cluanaigh, an lá,
'M-béidh na cuinge so fhéin 'ga m-briseadh,
A m-béidir aig blaodhach gan feidhm le crádh,
Air an té bheidheas ort aig cliseadh.
Té bheirfeas dhuit-se fuil a chroidhe,
Trá, bheith fágtha leunmhar.
Aig taisbeáint dhuit gur thuill tú 'n ghnaoi
Bhí aici ort 's tú seunmhar,
Uaim, uaim! mallacht duit ní fiú,
D' imdheargadh 's nidh cráidhte,
Fuath féin ní athchuingeochadh dhuit mí chliú.
Cho trom a's táir ann báithte.
