108
AN GAODHAL.
St. Agnes' Hospital, Phila. Pa. M J Logan. — Dear Friend, I send you
for publication another of Peter Walsh's songs. I have taken it mostly from
the dictation of our old friend, Conn McNeilis, and made the corrections from
the wording of others who often heard Peter sing it. There is no need for
notes, since all the people from Peter's part of Donegal know all about it. Ho¬
ping it will amuse the readers of the Gael.
Yours, Domhnall O'Murchadha.
STOCAIDH NA BANROIGHNE.
A Righ, guidé an t-áthrughadh a tidhim ans an áit seo,
Ó stad muid dhe'n chárdáil, dhe'n bhriseadh 's dhe'n t-sníomh!
Ní'l táchrán ná páiste a bh-fuil tógáil a láimhe ann,
Nach bh-fuil giomadán Bánroighne crochtaí air a thaobh :
Air m'fhírinne b'fheár liom dhá m-beidhinn mar na mná sin,
A bheith a briseadh 's a cárdáil ó mhaidin go faoi,
Ná an maoidheadh atá aig mághnás go gcoinnighthear a' snáth
[uadha
Agus aig iarraidh a bheith dhá shásadh a n-deireadh ar saoghail
Tabhair scéala anns air mhac Pháidín agus mínígidh an cás dhó,
Gan chlaonadh, gan áidhbhéil, ach mar tá mé dhá chur síos,
Mar d-tugaidh sé páighe níos mó as a' t-snáth uadha,
Nach bh-feicfidhear go brách iad dul ann a shlighe;
ní mór leis na sálta a fhághail cho daighean le gáigín,
De shompla dhá shnáithe gan chasadh, gan bhrígh,
'S má táthar dhár g-cáineadh air shon na d-trí shnáithe,
Ní féirín a' Bhánroighin le seasadh dho 'n tír.
'Sé shílim, a mhághnais, gur nidh é a tá náireach,
A bheith lochtughadh na mrá seo ans a chás nach bh-fuil fíor,
Ná bhéarfainn mo lámh dhuit, ná thochard mé a lán de,
Nach seasann sé an t-áiriughadh mar tá tusa a maoidheadh.
Dhá m-beidhea fhios aig a Bhanroighin a' t-anródh fhághas mrá
[bochd',
Fríd shléibhte dhá gcárnadh le fearthainn 's le gaoth
'Na suidhe go d-tí an lá 's iad a sír-chur a t-snáth sin
'S ní órduigheann a b-páighe dóibh codladh ná biadh.
Is bréagach thú, a tháilliuir, rud is doiligh liom ráidht leat,
Órduigh a b-páighe dóibh codladh agus biadh,
Ná bhí go leor dhe na mrá sin a bhí réidh ann a' mhála.
'S ó thoisigh an Bhanroighin tá fuil ann a ngiall :
Má tidh tú air shráid iad tá gúnnaidh 'gus séalta orthú,
Síos le n-a sáltaibh, nár chleacht siad ariamh,
Agus luach na min cháirde a bhí ithtí lé ráithe,
Budh mhaith acú an Bhanroighin lé cuideadh a dhíol.
Ní chualas a trácht iad air ghantanas snáth,
Go d-tainic na préataidh 's gur stad a mhin bhuidhe,
'S dhá mairfeadh an chardáil mar bhí sí 'san áit seo,
Bhí cairt air a g-cráma nár bh'fhéidir a nighe;
Ní lúpthacha air lár a bhí órduigh dho'n Bhanroighin,
Mar chleacht siad, a lán acú, a d-toiseach a saoghail,
'S má shíleann sibh gur áidhbhéil a tá mise a rádh libh,
Bidheadh fidhnisidh an cháis sin air Shéamus Ó Bhuighill.
Peadar Breathnach, an táilliúr,
aige
? iomadán
mar chleacht
muid ariamh
mar tá mé
a' cur síos
sibh ag dul
mó
changeáil
blameáil
go rabh an
lá añ
de'n?
ins an áit seo
thainic
tidh tú air
le g.
is maith acu
an bh anois le
na díol
a tá ithte
ó'n
cct.
