(35)
12Mhadh Rol. Uimh. 11.
IUIL.
1898
GOILLÍS NA g-COS DUBH.
(Leanta)
'nna dtimchioll ⁊ fuair siad go rabhaid
i dtír breágh a rabh a lán tightheadh agus
daoineadh ⁊ eallach ⁊ crainn innti, ⁊ ba
mhaith leo sin d'fheicsint. Bhí deatach ag
tosughadh do theacht amach as na tighthibh
⁊ bhí na daoine tosughadh ar a n-obair.
Chuir siad ceist ar an gceud fhear a
casadh orra, ⁊ d'fhiafruigh de an rabhaid
a bhfad ó 'n Frainc, ⁊ cad é 'n bealach
budh chóir dóibh dul le teacht ann. Rinne
an fear gáire, ⁊ níor fhreagair sé iad
Chuaidh siad ar aghaidh arís ⁊ casadh
fear eile orra, ⁊ d'fhiafruigh siad an
rud ceudna dhe-sean.
"Ca bhfuil sibh ag dul?" ar sé, "Dul
go dti 'n Fhrainc," arsa Goillís, ⁊ ca
bhfuil sibh anois?" arsan fear, "ní'l shios
agam," a dubhairt Goillís. "Nach bhfuil
shios agad go bhfuil tú annsan bhFrainc
anois?" arsan fear. "Sin sgeul maith,
ar Ghoillís, "ní rabh fhios agam sin." ⁊
chaith sé a bhireud suas san aer le luth-
gháire ⁊ le sásughadh inntinne.
"Ní fada 'nois le congnamh Dé go m-
béidh tú air ais in do phálás arís," acht
ní luaithe dubhairt sé sin ná thainic brón
air, óir shaoil sé leis féin, "Cho luath 's
gheabhfaidh sé í féin ameasg na ndaoine
mór deunfaidh sí dearmad orm-sa, ⁊
ní chuimhneochaidh sí aon rud d'a ndeár-
na mise dhí."
Chuir siad a dtuairisg in sin le fágh-
ail amach cad é 'n t-slighe do bhéarfadh
go pálas righ na Fraince iad, ⁊ fuair
