114
AN GAODHAL.
siad nach rabh a bhfad le dul acu.
Bhí airgiod go leor acu anois, mar
líon siad a bpócaidh sul d'fhág siad
uaigh na robálaidhe, & cheannuigh Goillís
dhá chapall maith dhó féin & do 'n chailín,
& in sin ní rabh siad a bhfad ag fágbháil
an bhóthair 'na ndiaigh, & ní rabh stop ná
stad acu go dtainic siad i gceann
seachtmhaine eile go dti an chathair in a
rabh an pálás Ríoghamhuil, agus chualaidh
siad go rabh an righ & an bhainrioghan
ann
Ach cho luath & fuair an bean óg go
rabh sí ag geata an Baile-mhóir, & nach
rabh le deunadh aici ach siúbhal asteach,
thosaigh sí bheith go ro mhío-shuimhneach & bhí
sí eidir dhá chómhairle, gan shios aici cad
budh chóir di a dheunamh mar bhí faitchíos
uiri go bpósfadh a h-athair í leis an bh-
fear budh ghráin léithe, & go mbudh éigin
di chur suas do Ghoillís, rud nach ndeun¬
fadh sí dá bhfuigheadh sí saidhbhreas agus
ór an domhain, mar bhí sí tabhairt grádh
do Ghoillís anois chó mór & bhí Goillís a
tabhairt grádh dhí-se. Ar an ádhbhar sin
sheas sí ag geata 'n Bhaile-mhóir & ghlac
sí cómhairle le Goillís creud budh chóir
dí a dheunamh, & budh é sin an cheud uair
a thug Goillís faoi ndeara go rabh fíor
spéis ag an ógmhnaoi ann féin.
"Má ghlacfaidh tú mo chomhairle, a in¬
ghin-an-righ," ar sé, "racamaoid go teach
éigin & sgríobhfaidh tú leitir chum an rí
as an teach sin, & déarfaidh tú leis go
bh-fuil tú saor arís, ach go dtug tú do
mhionna nach bhfillfeá go brách, nó go m-
beidheadh briathar an righ agad nach gcuir¬
feadh sé d'fhiachaibh ort an fear sin do
phósadh nach maith leat féin; & tabhair an
leitir sin damh-sa & bhéarfaidh mise do'n
righ í, & creid mé go ndeunfaidh sé an
rud atá tú 'g iarraidh, & go mbéidh do
thoghadh féin agad feasta."
Budh mhaith an tslighe í sin, & ghlac sí
an chomhairle sin, & sgríobh sí leitir do
'n righ, & d'innis dhó go rabh sí saor arís
réis beagnach dhá bhliadhain do chathadh 'd
tír choimhighthigh, & ag innsint dhó, go foll¬
usach, go rabh faitchíos uirri filleadh d'a
phálás, ar eagla go gcuirfeadh d'fhiachaibh
uiari fear nar mhaith léithe féin a phós¬
adh, & má gnídh tú sin, ar sise, annsan
leitir, tuitfidh mé arís faoi chúmhacht na
Sídheog a rug leo roimhe seo mé, & ní
fheicfidh tú mé a choidhche nó go bhfágh' mé
do mhóid & do mhionna go léigfidh dham
deunadh mar is mian liom féin. Má tá
tú sásta sin a dheunamh tig leat freag¬
radh a chur chugam leis an teachtaire
ceudna a bhéarfas an litir seo dhuit-se
Thug sí 'n leitir do Ghoillís & dubhairt
sí leis dhul do'n phálás & a tabhairt do
'n righ féin, & dá gcuirfeadh an righ ceist
ar bith air, bhí sé le leigint air go rabh
sé balbh. Nuair a bhéarfadh an righ freag¬
radh dhó, bhí sé le bheith ar a choimeud nach
leanfadh duine ar bith é, ar eagladh go
gcuirfeadh an righ spíodóiridhe ar a lorg
a gheabhfadh amach an áit in a rabh an
bhain-phrionsa.
Gheall Goillís dí go ndeunfadh sé sin,
& rinne. Thainic sé go teach mór an righ
& d'fhan sé anaice leis an doras mór
ar feadh leath an lae, go bhfacadh sé an
rí & a chúirt teacht amach. Nuair chon-
nairc sé sin, léim sé thríd an ngárda
a bhí timhchioll an righ, chuaidh sé ar a dhá
ghlún, & chuir sé an leitir in a láimh féin
D'fhosgail an righ an litir le deifir &
léigh sé í, agus thainic iongantas air i
riocht gur air éigin d'fheud sé seasamh,
d'ionntaigh sé go Goillís.
"Cia thú thein, a ghiolla," ar sé,"agus
cá bhfuil m'inghean?"
Leig Goillís a dhá mheur ar a bheul le
taisbeáint do 'n righ nach rabh labhairt
aige; & leig sé osna trom, & bhí a dhá
shúil greamuighthe in eudan an righ.
"Bhfuil tú balbh?" ar san righ leis.
Rinne Goillís comhartha le h-innsint
dhó gur b'amhlaidh bhí sé.
Thug an righ leitir do in sin le tabh-
airt d'a inghin.
"Tabhair í sin leat go cúramach do'n
mhnaoi a thug an cheud litir dhuit-se," ar
sé, "agus ná bí mall leis."
D'imthigh Goillis, agus níor shiúbhal sé
ach rith, agus ní rith ach léim a bhí aige,
agus é ag imtheacht mar an ngaoith nó
go dtainic go dti an inghín, agus thug sé
an litir dí,
Dubhairt an righ insan litir sin nach
n-iarrfadh sé cho fada agus bheidheadh sé
