AN GAODHAL.
115
beo a inghean a phósadh le fear nár mhaith
léithe féin, agus go rabh an oiread sin
go luthgháire air í bheith ar ais leis go d-
tiúbhradh sé a togha 's a rogha féin dí a¬
measg fear an domhain, dá mbudh h é
fear glanta na sgeana féin do budh
mhian léithe, ach amháin deifir a dheunamh
go bhfuigheadh sé féin agus a máthair in
a radharc arís í. Taisbeáin sé 'n lit¬
ir do Ghoillís agus in sin chuaidh sí léithe
féin do 'n phálas, agus is róimpi-se do
bhí an fháilte.
D'innis sí d'a h-athair agus d'a máth¬
air an meud do rinne Goillís dí, agus
mar shábháil a h-anam trí huaire, agus
faoi dheire dubhairt sí, muna dtiubhradh
siadh Goillís dhí le pósadh, agus árd-tigh¬
earnadh mór dheunamh dhé, nach bpósfadh
sí fear go brách.
Dubhairt an righ go leigfeadh sé dhí
rud ar bith a dheunamh do thogróchadh sí
féin, agus d'orduigh sé Goillís do ghlao¬
dhach asteach aca.
Nuair a thainic sé asteach chucha dubh¬
airt gach uile dhuine bhí san bpálas nach
bhfasaidh siad ariamh fear badh bhrághtha
'ná é, agus sheas an righ suas roimhe a's
thug sé póg dhó agus chuir fáilte roimhe,
agus rinne sé tighearna dhe. Chuir an
bhainrioghan fáilte roimhe, in sin, agus
an chúirt uile.
D'fhan sé 'na measg in sin le trí
ráithche, agus bhí meas gach uile dhuine
ag meudughadh ó lá go lá air, agus budh
mhó 'n meas do bhí ag an righ air ná dá
mbeidheadh sé mhac dlisteanach féin.
Ag ceann na h-aimsire sin ghlaodh sé
a inghean asteach chuige, agus d' fhiaf-
sé dhí an rabh an oiread spéis' aici i n-
Goillís anois agus a bhí aici i dtosach, &
dubhairt sí go rabh agus níos mó. "Is
maith é sin," ar san righ, "maiseadh! biodh
sé agad!
Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Phós
siad a chéile, agus budh í sin an bhain-
fheis bhreágh do bhí acu, ach dá mbéidhinn
ann an t-am sin ní bheidhinn ann anois,
ach chualaidh mé ó éinín é nach rabh brón
ná buaireadh leun ná leonadh, mí-ágh ná
mí-thapa orra go h-uair a mbáis, agus
go mbudh h-amhlaidh é liom féin agus
linn uile,
— Críoch.
UILLIAM AN CHRAINN.
'San aimsir fad ó shoin bhí rígh in Éi¬
rinn. Bhí sé pósta le bainrioghan áluinn
& ní rabh acu ach aon inghean amháin.
Buaileadh an bhainrioghan tinn, agus
bhí fhios aici nach mbeidheadh sí bhfad beo.
Do chuir sí an righ faoi gheasa nach bpós¬
fadh sé 'rís go mbeidheadh 'n feur troigh
ar fad os cionn a h-uaighe. Bhí an in¬
ghean glic, & théidheadh sí amach gach uile
oidhche le siosúr & do gheárróchadh sí an
feur síos go talamh.
Bhí dúil mhór ag an righ bean eile bheith
aige, agus ní rabh fhios aige cad fáth
nach rabh an feur ag fás os cionn uaighe
na bainrioghna. Dubhairt sé leis féin,
"tá duine éigin dom' mhealladh."
An oidhche sin chuaidh sé do 'n g-cill a
chonnairc sé an ingean ag gearradh an
fhéir do bhí ar an uaigh. Thainic fearg
mhór air in sin, agus dubhairt sé, "pós-
faidh mé an cheud bhean fheicfeas mé, bí¬
dheadh sí óg no sean." Nuair chuaidh sé
amhach ar an mbóthar chonnairc sé sean-
chailleach. Thug sé bhaile í agus phós sé í,
mar nach mbrisfeadh sé a fhocal.
Tár éis í phósadh bhí inghean an righ fá
gheur-chrádh ag an g-cailligh, & do chuir an
chailleach í faoi mhionna gan nidh ar bhith
d'innsint do 'n righ, & gan nidh ar bith d-
fheicfeadh sí d'a dheunadh d' innsint do
dhuine 'r bith, ach thriúr nár baisteadh a
riamh
Lá 'r na mhárach, chuaidh an righ amach
ag seilg, & nuair d'imthigh sé mharbhaigh 'n
chailleach cú breágh a bhí aige. Nuair a
thainic an righ abhaile, d'fhiafruigh sé de'n
t-sean-chailligh, "Cia mharbhuigh mo chú?"
"Marbhuigh d'inghean," ar san t-sean
bhean.
"Cad fáth ar mharbhuigh tú mo chúg?"
ar san rígh.
"Níor mharbhuigh mé do chú," ar san in¬
ghean, & ní thig liom innsint duit cia a
mharbhuigh í."
"Cuirfidh mé iachlach ort innsint dam
ar san righ."
Thug sé an inghean leis go coill mhór &
chroch sé ar chrann í, & in sin gheárr sé
an dá chois & an dá láimh dí, & d'fhág sé
