124
AN GAODHAL
THE SENTIMENTS OF OUR SUBSCRIBERS
Ill — Cairo, John Howley, D McCarthy, per Mr
McCarthy.
La — Franklin, Col. O’Niell — Linwood Planta¬
tion, Walter A. O’Niell, per Col. O’Niell.
Mass — Boston, P. Doody, J Burke, J Larkin —
Clinton, M Hughes — Fall River, P Cannon.
Me — Portland, John A. Egan.
N Y — Brooklyn, Hon. John C. MacGuire, P.
Carrick — City, M A O’Byrne, N Divver — Buffa¬
lo, T Maher, C Walsh — Bingamton F Connors, D
Enright, J H McManus.
N J — Jersey City, T Hannigan, Jerey Quirk —
Newark, J Murphy — Trenton, P Nolan, P Quinn
Nev — Virginia City, John Kelly, R Reilly, M
Hearn, Mrs. Mary O'Donnell.
Neb — Omaha, Ed Donnelly, P O’ Leary.
O — Columbus, M Hogan, Con Murphy — Cleve¬
land, J Murphy — Cincinnati, N J Lanagan, Pete
Fallon, H Mitchell, J H Lalor, A Donovan.
Pa — Phila, J Murphy J Monaghan, P J Mulli¬
gan — Pittsburgh, N Walsh, P Cannavan.
Ireland — Armagh, J Maginn, P Maginn, per H
Magiun, Brooklyn, N Y — Galway, Loughwell, M
Coyne — Mayo, Lurganboy, P Mullins, both per
Hon. John C MacGuire, Brooklyn, NY.
A cháirde Gaodhail: Focal nó dhó
eadrainn féin, in ar dteangain féin, &
in ar b-páipeun féin ar riochd na tean¬
gan 'san am so, &, mar an gceudna, ar
an dtaisbeána atá rómhainn ar riochd
ar dtíre, 'san gcosamhlacht dhóigheamhuil
a chídheamar in ar dtimchioll.
Déarfaidh sinn a bh-fuil le rádh againn
san mbriathar is simplidhe & is réidheach¬
ata in ar gcumas, ar nós go d-tuigfidh
gach duine é a bh-fuil an t-eolas is lúgha
aige ar theangain ar d-tíre.
'San gceudóir, tig linn a rádh go fí¬
rinneach, go bh-fuil cúis na teangan dul
ar a h-agaidh go h-an maith, buidheachas
do Éireannaighibh Éire Mhóir, i dtosach,
ce chuir an chúis ar bun a's a chongbhaidh
suas í, &, 'san dara h-uair, do Chumann
na Gaodhailge in Éire Bheag — an Sean
Áitreamh in a bh-fuil ar gcroidhthibh fuin¬
te go daingean, cionamhuil.
Deir an Sean-fhocal, "Is lúgha ná frith
adhbhar na h-urchóide." Tá sídheoga beag-
a in Éirinn atá deunadh a ndithchill i n-
gan fhios, chum chúis na teangan dhúthais
do chreaplughadh mar is feasach dóibh gur
b'í an teanga bun agus pileur saoirse
na tíre. Dob' fheárr leis an drong so
Éire d' fheicsint i gcómhnuidhe fá chuing
na Sacsan ná í fheicsint saor faoi riagh¬
la a clann féin
Tig le léighthóra an Ghaodhail an fhrith-
ín aingideach seo do chur faoi chois má
thogruigheann siad é, & an módh is feárr
& is éifeachtuidhe leis sin do chuimsiúgh'
is sé an Gaodhal & gach páipeur Gaodh¬
ailge eile do sgeitheadh go fóirleathan
ameasg na nGaodhal: Mar sin, a cháir¬
de, scapaighidh an Ghaodhailge bhur is tháll
An taisbeána i leith saoirse na h-Éi¬
reann: Ní rabh sé ariamh níos misneamhail
la! Tá an Sean Bheithigheach brúideamhail
ag chailleadh a neirt! Tá Ruisia, Gear¬
mánaigh, & an Frainc d'a thimchiollughadh
'san Óirthior, riocht go n-diúlfadh sé —
uchd! Éire Mhóir le súil go rachfadh sí i
g-cómhair leis an aghaidh na gcúmhacht so,
ach ní rachfaid. — Tá n-iomarchaidh Éirea¬
nach & Gearmánach in Éire Mhór; agus
thairis, ní throidfidís na cúmhachdaidhe
d' ainmeamar ar shon na Sacsan, — nó
ar shon aoinneach eile gan ádhbhar.
Mar sin, ní'l aon amhrus nach bh-fuil
taisbeána na h-ama do na Gaodhailibh go
an mhaith & tá lathgháir mhór orrainn fa.
Is geárr go dtastóchaidh cló nuadh ó'n
nGaodhal agus tá súil againn go ndeun¬
faidh gach Gaodhal a dhithchioll chum a cong¬
bháil slachtmhar os comhair na ndaoine;
tá muidne a deuneadh a bh-fuil in ar g-
cumas, ach ní thig linn níos mó do dheun¬
adh ná is féidir linn fulaing. Má chuir
cann gach Gaodhal roimh' é, ní'l aon amh¬
rus nach bhfuigheadh sé beagán no mórán
a bheárfadh congnamh a shaothar na tean¬
gan — feuchaighidh leis.
Ní'l cosamhlacht síothcháin eidir arm
Éire Mhór agus na Spáinne fós. Tig
linn a rádh go fírinneach go mb'fheárr
linn troid an aghaidh na Sacsan ná an
aghaidh na Spáinneach; ach, le congnadh
Dé, tiocfaidh am na Sacsan!
