126
AN GAODHAL
GLÓR NA CUAICHE.
Leis an nGabhar Donn.
Do chualas glór na cuaich' um nóin
Ag cantann measg na gcrann,
Do ruaig sé uaim geur-phian an bhróin
Le suairceas glórmhar glan.
Le suairceas glórmhar glan a glóir
Do líon sí mé astigh;
Óir sheinn sí — tá an an aimsir chóir
Ag teacht, tóg suas do chroidhe; —
Tóg suas do chroidhe, a fhir, óir tá
Na blátha 'teacht go luath !
Béidh eudan críon na talmhan breágh
Le glóir na mbláithín nuadh.
Le glóir na mbláth béidh cnoc a's gleann
Ag deallradh fós faoi 'n ngréin,
Béidh glóir ar mullachaibh na mbeann;
Tóg suas do ghuth go treun.
Tóg suas do ghuth chum Dé na ndúl,
Is dó is dual gach rann.
Seinn dó, 's é solus sámh do shúl
'S an am trioblóideach, teann.
'S an am trioblóideach béidh a ghrádh
Do dhideann daingeann treun,
Béidh sé id' chuideacht-sa gach lá;
Seinneóchad dó mé-féin.
Seinneóchad dó mé féin, a fhir!
Tá an samhradh geal ag teacht,
Béidh ghath na gréine ar an muir
Béidh brón annsin faoi smacht!
FONN — Eibhlín a Rúin.
Éirinn, tá deora 'gus smigeadha do shúl
Mar bogha-uisge cumthar as measgadh
na ndúl
Lonnrach trí cháise deor,
Brónach lár sians' go leor,
Tá do ghrianta fá dhubhan mór
Ag éirighe gach lá.
Éirinn, ní tiormóchar do chiúin deor go
deo;
Éirinn, ní buan bheidheas do lag-gháire
[beo;
Go rabh gach dath fá réir
An aoinfheacht le cur go léir,
'S aig déanadh mar thuagh na spéir
Bógha síothcháin gach tráth.
