(36)
12Mhadh Rol. Uimh. 12.
LÚGHNÁS,
1898
Tadhg O'Catháin agus an Corpán
Do bhí buachaill óg gasta, láidir ann
aon uair amháin, i gcondae Liadhdruim,
mac feilmeóra saidhbhir, ⁊ budh buachaill
sgiamhach, misneamhail é.
Bhí a lán airgid aig a athair ⁊ níor
spáráil sé ar a mhac é. Mar sin nuair
d'fhas an t-ógánach suas, b'fheárr leis
go mór spóirt ná obair, ⁊ mar nach rabh
aon chlann eile ag a athair do bhí an oir-
ead grádh aige air an mbuachaill seo
gur leig sé dhó rud ar bith budh mhaith
leis a dheunamh. Bhí sé an chaithteach, ⁊
sgapadh sé airgiod óir mar sgapadh
duine eile an t-airead geal. B'anamh bhí
sé le fághail in san mbaile, ach dá m-
beidheadh aonach no cruinniughadh no mar¬
gadh i bhfoisge deich míle dhó, is ann do
bhí tú lán chinnte a fhághail. Agus budh b'
anamh chaith sé an oidhche i dteach athar'
ach bhidheadh sé amuigh, ag "rugaireacht"
no ag "áirneán" ó theach go teach in san
oidhche.
Bhí sé sgiamhach ⁊ ní rabh cailín in san
dtír nach rabh i ngrádh leis. Mar Sheágh-
an Glas, fad ó shoin, "Bí grádh gach cail¬
ín i mbrollach a léine, agus b' iomdha
póg thug sé ⁊ fuair sé Mar sinn righne
duine éigin an rann seo air:
Feuch an rógaire 'g iarruigh póige,
Ní iogantantas mór é bheith mar atá
Ag leanamhuint i gcomhnuidhe d'áirneán
na gráinneoige,
Anuas 's aníos 's nna chodladh 'sa lá-
D'éirigh sé air deire an-fhiadháin, ⁊
mí-riaghalta; ní rabh sé le feicsint lá
no oidhche i dteach athar, ach a gcómhnuidhe
ag rugaireacht, agus chraitheadh na sean
daoine a gcinn, ⁊ dheireadh siad le chéile
