130
AN GAODHAL.
— "Is furas le feicsint creud a mhain¬
feas le talamh athar nuair a gheobhaidh
an seanfhear bás. Rithfidh an mac thríd
in aon bliadhain amháin."
Bhidheadh sé i gcómhnuidhe ag cearr¬
bhachas, ag imirt cárda, & ag ól, ach níor
chuir athair aon truim ann a dhroch bheus¬
aibh & níor smachtuigh sé ariamh é. Acht
aon lá amháin chualaidh sé gur mhill sé
cliú cailín óg do bhí ins an áit sin, agus
thainic fearg air an tseanfhear, & ghlaodh
sé a mhac chuige féin, & labhair sé leis
go cóir, ciúin, ciallmhar. "A mhic," ar
sé, "tá 's agad go rabh grádh mór agam
ort go dtí seo, & níor choisg mé thú bé
rud do rinne tú, & chongbhaigh mé airgiod
go leor leat, bhí súil agam an teach &
an talamh seo & mo mhaoin uile d'fhágh¬
bháil agad-sa i ndiaidh mo bháis, ach chual¬
aidh mé sgeul dod' thaobh go déighionach
do chuir gráin & deistion orm, Ní thig
liom innsint duit an brón a bhí orm a
leitheid sin de rud a chlos, & innsuighim
duit anois go soiléir muna bpósfaidh
tú an cailín sin fágfaidh mé mo thalamh
& mo mhaoin ag mac do dhearbhbhráthar.
Ní thig liom a bh'fhágbháil ag duine do
dheunfas úsáid díobh cho h-olc sin & do
dheunfá-sa, ag mealladh na mban & ag
breugadh na gcailín. Socruigh leat féin
anocht an bpósa tú an óigbhean sin & mo
thalamh uile d'fhágail mar spré léithe, no
an ndiúltóchaidh tú í, & d'oighreacht do
chailleamhain, & innis dam air maidin
cia acu de 'n dá rud do thogh tú."
"Och damnadh síorruidhe! a athair, ní
dheunthá sin; ceud míle mallacht, ní
dheunthá sin do mhac atá cho maith & atá
mise! Cia dubhairt leat nach bpósfainn
an cailín?" Ach bhí an t-athair imthighthe
Bhí fhios go mhaith ag an mbuachaill go
gcoimheudfadh sé a ghealladh, & bhí buaidh¬
readh mór air a inntinn, mar, cidh go
rabh a athair socair, cineálta leis, níor
bhris sé a fhocal ariamh nuair dubhairt
sé rud aon uair amháin, & ní rabh duine
ins an dtír do budh do-lúbtha ná é.
Ní rabh fhios go ceart ag an mbuach¬
aill creud dheunfadh sé. Bhí sé i ngrádh
go deimhin leis an gcailín & bhí súil aige
a pósadh am éigin ach b'fheárr leis fan¬
amhuint tamall & leanamhuint d'a shean-
oibreachaibh le seal eile, ag ól, ag spórt
agus ag imirt; agus, chor leis sin, chuir
sé fearg air go n-ordóchadh a athair dó
a pófadh, & go mbagaireochadh sé é.
"Nach mór an t-amadán m'athair," a
dubhairt sé leis féin, "Bhí mé réidh go
leor an gheirseach do phósadh & anois
chuir sé bagairt orm tá rún mór agam
a fágbháil mar tá sí."
Bhí inntinn corruighthe go mór, & d'fhan
sé eidir dhá chómhairle cad do dheun¬
fadh sé. Shiubhal sé amach ins an oidhche
ar deire, le súil a cheann teith fhuaradh,
& chuaidh sé ar an mbóthar. Las sé a
phíopa, & mar bhí an oidhche breágh, shiubh¬
al sé & shiubhal sé súil go ndearmadfadh
sé an brón a bhí air, leis an spaisteoir¬
eacht luath. Bhí an oidhche geal & an geal¬
ach leath-lán.
Ní rabh anáil gaoithe ag séideadh, & bhí
an t-aer ciúin & bog. Shiubhal sé air
aghaidh le trí uairibh, no mar sin, nuair
chuimhnigh sé go rabh sé deighionach 'san n-
oidhche, & go mbudh chóir dó iompódh. D'
ionntaigh sé le filleadh a bhaile, in sin, &
iongantas air an ghealach d'fheicsint
cho h-árd sin 'san spéir "Maiseadh!
saoilim gur dhearmad mé mé féin," ar
seisean, "caithfidh sé bheith thar an mea-
dhon-oidhche anois."
Is ar éigin dubhairt sé an focal nuair
(Le bheith leanta.)
The readers of THE GAEL will learn with reg¬
ret the death of Mr. Thomas Callahan, President
of The O'Growney Gaelic League, New Haven,
Connecticut. It would take pages of the Gael to
recount Brother Callahan’s labors in the Gaelic
cause, the Home Rule cause, the Church cause,
and every other cause tending to elevate the con¬
dition of his native land. We know of but one
man who could write a history of the life of Bro¬
ther Callahan — Major Maher, his co-laborer in all
undertakings.
Mr. Callahan was a native of Co. Waterford,
near Clonmel, Ireland, but resided in New Haven
for over 50 years ; he was one of the sweetest and
most correct Gaelic speakers we ever heard.
Go dtugaidh Dia suaimhneas síorr¬
uidh ⁊ ríoghacht na bhflaithis d'a anam.
Ámén.
