AN GAODHAL,
131
St Agnes. Hospital, Phila. Pa July 8. '98.
M. J. Ó'Lócháin. —
A Charaid fíor, — Seo abhrán eile de chuid Pheadair
Bhreathnaigh, a fuair mé ó Róise Ní Ghallachóir as an Dubhcha¬
raidh agus ó Bhrian O'Diarmuid as na Gleannta a g-Con¬
dae Dún-na-nGall.
Air dhul do Pheadar go Beallach-na-gCreach le ball in¬
teacht éadaigh a dheunadh, níor thug sé leis an t-snáthad a
d-fóirfeadh dho'n obair a fuair sé in sin roimhe. Chuir sé
teachtaire ans air Thadhag O'Tiománaidh a gCnoc Leitre le
iasacht snáthaide a fhághail. Chuir Tadhag dhá cheann chuige
ann áit cheann amháin. Fhad a's bhí Peadar 'na shuidhe a
fuaigheáil an éadaigh rinne sé an t-abhrán seo a moladh
Mac Uí Thiománaidh.
Domhnall O'Murchadha.
táilliúr eile
bhí na chomhnaidh
go bhfuigheadh se
uaidh
aon cheañ amhain
TADHAG O'TIOMÁNAIGH.
Saoghal fada agus séan go bh-fágh' tusa, a Thadhaig,
Is tú a sheasuigh domh an bhuaidh 's mé air coisgrigh go fíor,
Gan agam mo ghléas a m-bogfainn mo mhéar,
Mar n-imtheoghainn mar éan 's tiontógh arais a ghaoth:
Tráth a chualaidh an tréan-fhear soineanta, céimiumhail,
Mise a bheith a b-péin 's mo chróidh-iarann caol,
'Sé dubhairt sé go céillidh; "Tabhair cuige an péire,
Glacadh sé a raegha 's tabhair chugam-sa an díogha."
Is aoibhinn do 'n spéir-bhean a thiteas air Thadhag,
Ní h-iogal dith buaidhreadh, torsa ná cúmhaidh,
'Sé shílim féin gur duine ro-naomhtha é,
A thainic ann a' t-saoghal lé seasadh dhó 'n tír;
'Sé deir a chléir gach bealach dh'a m-bidhim.
Má thig a' "Repéal" go m-béidh sé 'na righ,
'S má gheibh Tadhag a' chéim sin, stadfaidh mé an cheird seo
Agus posta níos tréine glacfaidh mé faoi.
Pheadar Breathnach, an táilliúr.
cct.
sway — i g-coig.
séimhidh
cró-
le
shílim sa
d-téidhim-sa
Seinnéid
Leis an nGabhar Donn
Síor-chluinim thú — ní'l fuaim faoi neamh is binne
'Ná fuaim do ghlóir — tá sólás mór im' chroídhe-se,
Ó chualas tú ag labhairt; ó fhacas tú im' shlígh-se;
Ó 'n am 'n ar mhothuigheas grádh do chroídhe 'n a bhuinne
Ag teacht lán d'athar chugam; A bhean is glinne!
Ní'l rud acht sógh a's sólás sámh 'n a luidhe-se
Mar bhláth deas os mo chómhair; ní'l rud dom' chlaoidhe-se!
Gan tú is suarach liom a bh-fuil 's an gcruinne!
Nuair bhidhim liom féin ag machtnamh ins an oíghche,
'S é sin an t-am 'n a chluinnim fuaim do ghotha;
Chómh binn le ceol na n-eun i lár na críche;
A's feicim as an duibhe dealbh do chrotha
D'a cumadh dham mar líl; fan agam choídhche;
S tú smigeadh suairc na gréin ar aghaidh an tsrotha !
