132.
AN GAODHAL
Fírinn Agus Filidheacht. — Fonn, Táiliúr an Mhagaidh, acht ní magadh no breug
mo dhán. Le Maitias Ua Guairiam, agus na raibh maith na fad saoghail aig
an námhaid anns gcathair taobh tháll de 'n tsruth. Agus go mairidh An Gaodhal
go bráth, oir ní'l sé claon chum Ghaedhilge Cúiguach.
Is duine botcht cneasta mé,
Ní ghrádhuighim ór na maoin,
Is anamh a d-tigh leanndha mé —
Ní shántuighim beoir no fíon;
Is neamh-Ghallda a d-teanga mé —
Ní chaitighim an Béarla claon,
Is ball de 'n t-sean scoil mé —
'Sí an Ghaedhilge go bráth mo mhíon.
Anuair éirighim air maidin,
Taréis suaimhnis go sáimh san oidhch'
Abraim mo phaidir,
Óir cleachtaim an gnás gan sgigh,
Cluinim Gaedhilge na Banba
D'a canadh mar cheolta sighidh;
Agus is Éireannach meata
Nach d-tóigeach an fhuaim a chroidhe.
Do chaitheas seal fada
Aig tabhairt teagasg do Éireannuigh
Le dúil Gaedhilge na Banbha
Do chanadh go deo gan sgigh;
Ní bh-fóir mé buidheachas no beannacht,
Acht aithis s eirghe shlighe —
B' fheárr leo gleacuidheacht labhairt
Sacs-chaint 's ag ól na dighe.
Seachnighim gach gleocuidhe 'gus
Bladaire mealltach, mín,
A g-cian no aig baile ní ghlacadh
Iad go bráth mo phighinn;
An té nach d-tugann fíor-ghrádh carad
Gan spaspas do 'n Ghaedhilge bhinn,
Ní feárr iona sheasa é
'Ná sínte air chúl a chinn.
Ní bh-fuil Gaedhilge Naomh Phádraic
Ná briathra ag triall thar tuinn —
An t-sean Ghaedhilge ársa
Atá lán-fhoclach, ceolmhar, binn;
No gean-Ghaedhilge Gráinne,
Thug deágh-thagasg ⁊ grádh d'a clainn,
Acht an Sacs-Béarla ull-ghránna
Na námhad d'fhág Éire tinn
Tá an Ghaedhilge aig agairt 's
D'ar spreaga le briathra grinn,
Tá Gaoidhil aig freagairt air talamh,
Air tráigh 's air tuinn;
Tá cléir agus sagairt tabhairt aire
