AN GAODHAL.
133
D'a g-ceoltadh binn',
Tá an námhaid aig bagairt
A's go gcailleadh sé meamhair a chinn
Níor thuill sé deágh phaidir,
An tsean námhaid ghránna, bhuidhe;
Ní beannacht acht mallacht
Atá d-taisge dhó lár ar g-croidhe;
Is ioma fear, bean 's leanbh
D' fhág sé lag, fann, gan bhrighe,
Agus na mílte sagart do shín sé
Le n-a lainn san tslighe.
An slusaighe Seághan Sacsan,
Béidh cuimhne air aghniomh go bráth,
Fath gur mharbhuidh sé leanbhaidhe
A's sean-dhaoinibh criona lághach,
Acht an tráth castar leis gastra
Atá neamh-eaglach, treun, tír-ghrádhach
Tig sgannradh air an ngaduidhe,
A's preabann a chroidhe roimh chách,
Leaghadh air an Sacsan,
Nar mhailíseach, cam a dhlighe,
Aig deunadh ár 's dí-cheannadh,
Budh cuma leis lá no oidhch',
Bhí fuil na neamh-chionntaigh gan falach,
Smeartha ann gach áit d'a shlighe,
Do shil ar chréachdaigh na mairtireach
A d'fhág sé gan ceann na croidhe.
Gheárr sé an croidhe as an easbog bhí
Tabhairt teagasg na ngrás d'a chloinn,
Acht níor bh-fuair sé an t-anam
Bhí an t-aingeal air láimh go glinn;
An chulaidh ordha aifrinn do chaith sé
Air snámh san linn,
Anóis tá Oscar d'a ghreadadh
Agus deatach thre bárr a chinn
B'iad treabh Thanraoigh ag Cluan Meala
Bhain an deágh Athair Daibhidh dhinn,
Béidh Crommhell 's Bagnell i n-aimhréidh
Go bráth faoi 'n tuinn —
Gheárr siad sgornach an t-sagairt
Do ghrádhuidh an t-aifrionn binn,
Agus chuir a cheann ar bhárr sparra
Gan fasgadh, gan sgáth, gan díon.
Do thriall Thanraoigh agus a leanbh
Chum an ghrianain le fánadh síos,
Chuaidh Crommhell d'a bh-faireadh,
'S nár chasadh go bráth a níos,
Acht taréis téarma fada
Do thug sé cead fáin do 'n dís,
Anois mo dhíl cháirde bí aireach,
Tá Bettie air gárda 'rís.
