134
AN GAODHAL
MOLADH NA GAODHAILGE.
Pádraic O'Cathasaigh ro chan.
Is mairg nach g-canann teanga a dhúthchaighe féin,
Bheirim an bárr a's an "barra" air maidin, go bráth do 'n Ghaodhailg;
'S í is gléithe air an d-talamh, ní'l a samhail le fághail faoi 'n spéir,
Is binne í ná an Laidean, tá a h-ainm go h-árd 'san Ghréig.
Bhíomair acfainneach, meanmnach, lúthmhar, tréan,
Fuireamair teagasg ó shagairt ár n-dúthaighe féin;
'S iad léigheann an t-aifrean a's do chanann soisgéal Mhic Dé,
Mar 's é d' fhosgail na flaithis d'ár n-anam i meádhon an lae.
Do bhíomair tamall gan caraid gan leabhair gan léighean
Do dóghadh a's do scréacadh iad i n-oileán glas bínn na naomh ;
D' fhágadar dealbh sinn, go h-atuirseach, cráidhte i b-péin,
S 'nuair do coisgeadh ár d-teanga orainn, chailleamar go leor de 'n Ghaodhailg
Chuireadar leath-choróin airgid air mhadra lúthmhar géar,
Do bhí 'gam mar theachtaire ag casadh na m-bó chum féir,
'N uair thigeadh an t-eadeartha chuirinn bainne 'na chómhair 'san mhéis,
Agus "mingionsaidhe" dearga go fairsiog sé bhráid a béil.
Tá 'n báire ag casadh a's is gearraid go n-ólfam braon,
Ráigheam abhaile agus tógfam arís an chraobh,
Cuirfeam na Bretain faoi thalamh go tláith 'san chré,
Agus árdócham ar m-brata le h-uírim do Gráinne Mhael.
Sul ar mheallaigh an bheatha do bheathaigh sí leoin a's báird,
Agus Eoghan Ruadh an file 'sé chumadh go bínn an dán,
Do mhol sé an t-Soinnean an t-uisge agus cúbhar na trágha,
Agus barr na m-bruingeal ba ghile do thí le fághail.
Do mhol sé Hélen an réilteán ba bhreághtha grínn,
Do mhol sé a balsa, a teanga, a cliabh 'sa croidhe;
Do mhol sé a mála, a leaca, 'gus cuacha a cínn.
Mar ní fheicfear a samhail air an d-talamh go bráth arís,
Do mhol sé an seannach, an ghealach, 'san ghrian go h-árd,
'S an míol-buidhe fireann do rithfeadh le fiadh air bán,
'N uair bheadh sgíre do chonaibh air buille 'na dhiaigh ag tádhacht
Agus iad d'a chluitheadh tré chumair i g-cúil a liodáin.
Is duine bocht mise 's ní'l sgiling ná rúnt am sparán,
Ólaim mo ghluinne ('s í fhliuchánn mo chroidhe go breágh);
I bh-fochair na m-bruingeal, a's ní dhéanann an chíos mé chrádh
Agus áireoighidh sibh tuille má chuirthear i g-clódh mo dhán.
